An difríocht idir athruithe ar: "Loscadh Mór Londan (1666)"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 49 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q164679 (translate me)
+refs
Líne 1:
[[Íomhá:GrotebrandLonden.jpg|thumb|260px|''Dóiteán Mór Londan'' - Pictiúr ón 17ú haois]]
Réab '''Dóiteán Mór Londan''' trí lár chathair [[Londain|Londan]], i [[Sasana]], ón Domhnach an dara lá de Mheán Fómhair go dtí an Chéadaoin an [[5 Meán Fómhair|cúigiú lá de Mheán Fómhair]] [[1666]]. Scrios an dóiteán Cathair mheánaoiseach Londan taobh istigh den Seanbhalla Rómhánach. Ní baileach go ndeachaigh sé chomh fada le ceantar uasaicmeach [[Westminster]] (West End an lae inniu), Pálás Shéarlas II ag Whitehall, ná an chuid ba mhó de na plódcheantair ar bhruach na cathrach.<ref name="porter">{{cite book| author=Porter, Roy | year=1994 | title=London: A Social History | publisher=Cambridge Harvard}}</ref> Dódh 13,200 teach, 87 séipéal paróiste, [[Ardeaglais Naomh Pól]], agus formhór na bhfoirgneamh a bhí ag údaráis na Cathrach. Ceaptar gur scriosadh tithe 70,000 den daonra de thart ar 80,000 a bhí sa Chathair ag an am.<ref>{{cite book |author=Tinniswood, Adrian |year=2003 | title=By Permission of Heaven: The Story of the Great Fire of London| publisher=London: Jonathan Cape}}</ref> Ní fios go baileach cá mhéad duine a maraíodh sa dóiteán féin ach ceaptar nach raibh an líon an-ard mar nach bhfuil taifead ach ar líon beag daoine a bhásaigh de bharr an dóiteáin. Le tamall anuas áfach, táthar ag cur in aghaidh na tuairime sin mar go gceaptar anois nach ndearnadh taifead in áit ar bith ar an líon daoine bochta ná meánaicmeacha a bhásaigh. Chomh maith leis sin ceaptar go bhféadfadh sé gur chreim teas an dóiteáin go leor daoine agus nár fágadh aon lorg ina ndiaidh.
 
Thosaigh an dóiteán mór ag bácús Thomas Farriner (nó Farynor) ar Pudding Lane, go gairid tar éis meán oíche an Domhnach, an [[2 Meán Fómhair]], agus scaip sé siar go tapa ar Chathair Londan. Ba é an teicníc ba mhó a bhí in úsáid ag an am chun dul i ngleic le dóiteán ná tóitbhearnaí a chruthú trí fhoirgnimh a leagan. Cuireadh moill mhór air seo mar nach raibh [[Ard-Mhéara Londan]], Sir Thomas Bloodworth, in ann cinneadh tapa a dhéanamh faoi cad ba chóir a dhéanamh. Faoin am ar ordaíodh go leor foirgneamh a leagan oíche Dé Domhnaigh, bhí an ghaoth i ndiaidh stoirm olldóiteáin a dhéanamh den dóiteán bácúis agus ní raibh aon mhaith a bheith ag cruthú tóitbhearnaí. Ar an Luan scaip an tine ó thuaidh go croílár na Cathrach. Ní raibh ord ná eagar ar na sráideanna agus bhí ráflaí ag dul timpeall go raibh eachtrannaigh a raibh cuma amhrasach orthu ag lasadh tinte. Ba iad na [[An Fhrainc|Francaigh]] agus na [[An Ísiltír|hOllannaigh]] ba mhó a raibh na daoine gan dídean in amhras fúthu. Bhí siadsan ina naimhde ag Sasana sa [[Dara Cogadh Angla-Ollanach]] a bhí fós ar siúl ag an am. Bhí na grúpaí inimirceacha seo líonmhar go maith agus rinneadh ionsaithe sráide orthu agus chuir an daoscarshlua cuid acu chun báis fiú – a bhí in aghaidh an dlí. Ar an Máirt scaip an tine ar fud na Cathrach ar fad nach mór. Scriosadh Ardeaglais Naomh Pól agus léim an tine thar abhainn Fleet agus bhí cúirt ríoga [[Séarlas II Shasana|Shéarlas II]] ag Whitehall faoi bhagairt. Ag an am céanna bhí na hiarrachtaí a bhí ar siúl chun dul i ngleic leis an dóiteán á gcomhordú. Ceaptar go bhfuarthas an ceann ab fhearr ar an dóiteán faoi dheireadh ar dhá chúis: lagaigh na gaotha láidre anoir agus bhain an garastún i d[[Túr Londan]] feidhm as púdar gunna chun tóitbhearnaí éifeachtacha a chruthú chun an tine a chosc ó scaipeadh níos faide soir.
 
Chruthaigh an dóiteán go leor fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta agus bhí neart síneadh méire á dhéanamh ar feadh tamaill i ndiaidh an dóiteáin. Thug Séarlas II gach ugach do dhaoine bogadh as Londain agus cur fúthu in áit éigin eile mar go raibh faitíos air go dtarlódh éirí amach i measc na ndídeanaithe a chaill a dtithe. In ainneoin go ndearnadh cuid mhór moltaí radacacha, atógadh Londain agus bhí na sráideanna leagtha amach mórán mar a bhí siad roimh an dóiteán.<ref>{{cite book|author=Reddaway, T. F. |year=1940 |title=The Rebuilding of London after the Great Fire. |publisher= London: Jonathan Cape}}</ref>
 
== Londain sna 1660idí ==
Faoi na [[1660í|1660idí]] bhí Londain i bhfad níos mó ná aon chathair eile sa [[An Bhreatain|Bhreatain]]. Áirítear go raibh leathmhilliún duine ina gcónaí ann. Bhí an líon sin níos mó ná an líon daoine a bhí ina gcónaí sa leathchéad baile ba ghaire i méid dó ar fad le chéile. Le linn dó a bheith ag cur ollás Barócach Pháras i gcomparáid le Londain, dúirt John Evelyn gur bhailiúchán tuaisceartach de thithe adhmaid a bhí dlúth le chéile agus gan aon ealaín ag baint leo a bhí i Londain. Chuir an baol dóiteáin a bhí ann – de bharr go raibh na tithe déanta as adhmad agus chomh dlúth sin le chéile – alltacht air. Ba éard a bhí i gceist ag Evelyn le “gan ealaín” ná nach raibh an chathair pleanáilte i gceart, go raibh sí caite le chéile ar nós cuma liom. Ba mar thoradh ar fhás orgánach agus ar shraoilleáil uirbeach a tharla sé seo dar leis. Ar feadh ceithre chéad bliain, b’áit lonnaithe Rómhánach a bhí i Londain. De réir a chéile, áfach, d’éirigh Londain níos plódaithe laistigh de bhalla cosanta na Cathrach. Chomh maith leis sin, bhí an chathair tar éis leathnú lasmuigh den bhalla, áit a raibh plódcheantair sheachtracha mar Shoreditch, Holborn agus Southwark suite.<ref name="porter"/> Faoin am sin freisin, bhí cathair neamhspleách Westminster go fisiciúil mar chuid de Londain.
 
Faoi dheireadh an tseachtú céad déag ní raibh san Fhíorchathair – an chuid a bhí timpeallaithe ag balla na Cathrach agus ag [[Abhainn na Tamaise|abhainn Tamais]] – ach páirt de chathair Londan. Bhí seacht gcéad acra (2.8 km2) sa limistéar seo agus bhí thart ar 80,000 duine ina gcónaí ann. Is é sin an séú cuid de dhaonra Londan. Bhí fáinne de bhruachbhailte inmheánacha thart ar an gCathair agus is iontu siúd a bhí cónaí ar fhormhór mhuintir Londan. An uair sin, ba í an Chathair croílár tráchtála na [[Príomhchathair|príomhchathrach]]. Ba inti a bhí an margadh ba mhó agus an calafort ba ghnóthaí i Sasana agus is amhlaidh atá go dtí an lá atá inniu ann. Is ag na haicmí trádála agus na déantúsaíochta a bhí an lámh in uachtar. Sheachain an uasaicme an Chathair agus chónaigh siad faoin tuath lasmuigh de na plódcheantair nó níos faide siar i gceantar eisiach Westminster (san áit a bhfuil an West End sa lá atá inniu ann). Ba san áit sin a bhí an chúirt ríoga ag Séarlas II ag Whitehall. B’fhearr leis na daoine saibhre a bheith ina gcónaí achar réasúnta maith ón gCathair mar bhíodh sí i gcónaí faoi bhrú tráchta, truaillithe agus míshláintiúil go háirithe nuair a scrios an [[plá bhúbónach|phlá bhúbónach]] an ceantar i 1665, “an Bliain Phlá” mar a tugadh uirthi. Bhí an-teannas sa ghaol a bhí idir an Chathair agus an Choróin. Le linn [[Cogadh Cathartha Shasana|an Chogaidh Chathartha]], idir 1642 agus 1651, bhí an Poblachtachas an-láidir i gCathair Londan. Bhí an phríomhchathair dhinimiciúil saibhir agus láidir ó thaobh na [[eacnamaíocht|heacnamaíochta]] de agus d’fhéadfadh sí fós a bheith ina dris chosáin ag [[Séarlas II Shasana|Séarlas II]]. Bhí sé seo léirithe ag cúpla éirí amach Poblachtach a tharla i Londain sna 1660idí luatha. Bhain giúistísí na Cathrach leis an nglúin a throid sa [[Cogadh Cathartha Shasana|Chogadh Cathartha]] agus ba chuimhin leo gurbh í an iarracht a rinne Séarlas I cumhacht iomlán a ghlacadh chuige féin ba chúis leis an tráma náisiúnta sin. Bhí rún acu gan ligean dá mhac an rud céanna a dhéanamh agus nuair a bhí an Chathair faoi bhagairt ag an Dóiteán Mór, dhiúltaigh siad glacadh leis na saighdiúirí ná leis na hacmhainní eile a thairg Séarlas dóibh. Fiú amháin i gás éigeandála, ní raibh aon ghlacadh go polaitiúil leis na saighdiúirí Ríoga, nach raibh mórán geana orthu, a bheith ag teacht isteach sa Chathair. Faoin am ar ghlac Séarlas ceannas ón Ard-Mhéara neamhéifeachtúil bhí an dóiteán imithe ó smacht cheana féin.
Líne 35:
== Fás an dóiteáin ==
[[Íomhá:Great fire of london map.png|thumb|260px|Limistéar an dóiteáin]]
Tugann litreacha agus cuimhní cinn spléachadh dúinn ar an gcaoi a ndeachaigh an dóiteán i bhfeidhm go pearsanta ar roinnt mhaith de mhuintir Londan. Ba iad [[Samuel Pepys]] (1633–1703) agus [[John Evelyn]] (1620–1706), an bheirt dialannaithe ba mhó le rá le linn na hAthghairme agus rinne siad taifead ar na himeachtaí a bhí ag tarlú ó lá go lá agus ar an gcaoi ar fhreagair siad féin dóibh. Rinne siad sáriarrachtaí iad féin a chur ar an eolas maidir leis an méid a bhí ag tarlú ar fud na Cathrach agus níos faide i gcéin. Mar shampla, ar an gCéadaoin – an ceathrú lá – chuaigh an bheirt acu amach chomh fada le ceantar pháirc Moorfields, ar an taobh ó thuaidh den chathair, chun breathnú ar an gcampa ollmhór a bhí lán le teifigh agus iad i nguais, rud a chuir alltacht orthu. Is iad a gcuid dialann siúd na foinsí is tábhachtaí dá bhfuil ar fáil maidir le hathinsint nua-aimseartha a dhéanamh ar an tubaiste. Ina theannta sin, braitheann na leabhair is déanaí faoin dóiteán, le Tinniswood (2003) agus Hanson (2001),<ref>{{cite book|author=Hanson, Neil |year=2001 |title=The Dreadful Judgement: The True Story of the Great Fire of London | publisher=New York: Doubleday}}</ref> ar chuimhní cinn gearra William Taswell (1651–82), a bhí ina bhuachaill óg, ceithre bliana déag d’aois, agus é ag freastal ar Scoil Westminster i 1666.
 
Bhí samhradh na bliana 1664 agus samhradh na bliana 1665 fliuch ach ó Shamhain 1665 bhí an-triomach ar fad i Londain. Bhí na foirgnimh adhmaid chomh tirim le corc i ndiaidh do shamhradh na bliana 1666 a bheith an-te. Scaip an dóiteán bácúis in Pudding Lane siar díreach i dtús báire agus gála gaoithe anoir ag cur borradh faoi.
Líne 42:
Thosaigh dóiteán ag bácús [[Thomas Farriner]] in Pudding Lane go gairid tar éis meán oíche ar an Domhnach an 2 Meán Fómhair. Sáinníodh an teaghlach thuas staighre ach d’éirigh leo dreapadh ó fhuinneog thuas staighre go dtí an teach béal dorais. D’éalaigh siad ar fad ach amháin cailín aimsire, a raibh an iomarca faitís uirthi tabhairt faoi éalú. Ba ise an chéad duine a fuair bás sa dóiteán. Rinne na comharsana iarracht cabhrú chun an dóiteán a mhúchadh. Tar éis uair an chloig tháinig constáblaí an pharóiste agus bhí siadsan den tuairim gurbh fhearr na tithe béal dorais a leagan le nach scaipfeadh an dóiteán níos faide. Chuir lucht na dtithe ina choinne sin agus cuireadh fios ar an Ard-Mhéara, Sir Thomas Bloodworth. Is aigesean amháin a bhí an t-údarás diúltú dá n-achainíocha. Nuair a tháinig Bloodworth ar an láthair, bhí na tithe béal dorais ag dó agus an dóiteán ag dul i dtreo na dtrádstóras páipéir agus na stóras indóite ar éadan na habhann. Bhí na comhraiceoirí dóiteáin ba mhó taithí ar a ndícheall ag iarraidh scartála ach dhiúltaigh Bloodworth. An argóint a bhí aige ná go raibh an chuid ba mhó de na foirgnimh tógtha ar cíos agus nárbh fhéidir teacht ar na húinéirí. Ceaptar go coitianta gur ceapadh Bloodworth mar Ard-Mhéara mar gur dhuine a bhí ann a dhéanfadh mar a d’iarrfaí air, seachas duine a raibh aon chumas ann sa post. Chaill sé an cloigeann nuair a tháinig éigeandáil thobann ina threo. Nuair a tháinig brú air dúirt sé na focail seo a leanas a luaitear go minic agus bhailigh sé leis, “Pish! A woman could piss it out”. Tar éis don Chathair a bheith scriosta scríobh Samuel Pepys, le linn dó a bheith ag féachaint siar ar na himeachtaí, ina dhialann, an 7 Meán Fómhair 1666: “People do all the world over cry out of the simplicity [the stupidity] of my Lord Mayor in general; and more particularly in this business of the fire, laying it all upon him.”
 
Thart ar 7 a.m. maidin Dé Domhnaigh, dhreap Pepys, a bhí ina oifigeach tábhachtach in Oifig an Chabhlaigh, Túr Londan chun radharc a fháil ar an dóiteán ón aer agus thaifead sé ina dhialann go raibh an gála gaoithe anoir tar éis olldóiteán a dhéanamh de. Mheas sé go raibh roinnt séipéal agus 300 teach dóite go talamh agus go raibh éadan na habhann sroichte aige. Bhí na tithe ar Dhroichead Londan ag dó. Chuaigh Pepys i mbád chun a bheith níos gaire do láthair an scriosta thart ar Pudding Lane agus é á bhreithniú. Is mar seo a leanas a rinne sé cur síos ar an dóiteán uafásach. “everybody:
:''everybody endeavouring to remove their goods, and flinging into the river or bringing them into lighters that layoff; poor people staying in their houses as long as till the very fire touched them, and then running into boats, or clambering from one pair of stairs by the water-side to another.''
Lean Pepys ar a thuras siar an abhainn go dtí gur shroich sé an chúirt ag [[Whitehall]]. Thug sé an cuntas seo a leanas ar gach ar tharla ansin, “where:
''where people come about me, and did give them an account dismayed them all, and word was carried in to the King. So I was called for, and did tell the King and Duke of Yorke what I saw, and that unless his Majesty did command houses to be pulled down nothing could stop the fire. They seemed much troubled, and the King commanded me to go to my Lord Mayor from him, and command him to spare no houses, but to pull down before the fire every way.” Thairg deartháir Shéarlais, [[Séamus Diúc Eabhrac]], na [[Gardaí Tarrthála Ríoga]] chun cuidiú a thabhairt chun dul i ngleic leis an dóiteán.''
Thairg deartháir Shéarlais, [[Séamus Diúc Eabhrac]], na [[Gardaí Tarrthála Ríoga]] chun cuidiú a thabhairt chun dul i ngleic leis an dóiteán.<ref>{{cite book| author=Pepys, Samuel |year=1995 | editor=Robert Latham, William Matthews |title=The Diary of Samuel Pepys, Vol. 7 |publisher=London: Harper Collins |isbn=0-00-499027-7}}</ref>
 
Míle siar ó [[Pudding Lane]], in aice le Staighre Westminster, chonaic William Tasweill, buachaill óg scoile a bhí tar éis éalú ón tseirbhís mhoch mhaidine i [[Westminster Abbey]], roinnt teifeach ag teacht i lictéir a bhí ar cíos. Ní raibh snáth éadaigh orthu ach pluideanna. Bhí seirbhísí na lictéaraithe i ndiaidh éirí an-chostasach go tobann agus ní raibh ach iad siúd a raibh sciorta den ádh orthu in ann áit a fháil i mbád
Line 76 ⟶ 80:
 
=== Dé Céadaoin ===
Laghdaigh an ghaoth tráthnóna Dé Máirt agus thug sé sin deis do na tóitbhearnaí a chruthaigh an garastún tosú ag dul i bhfeidhm faoi dheireadh ar an gCéadaoin, an 5 Meán Fómhair. Shiúil Pepys ar fud na cathrach smolchaite ar fad. D’éirigh a chosa te agus dhreap sé spuaic Eaglais Barking. Is uaithi sin a d’fhéach sé ar an gCathair scriosta agus dúirt sé gurbh é an radharc ba bhrónaí léirscriosta dá bhfaca sé riamh. Bhí go leor dóiteán aonair ag dó go fóill go dtí go raibh siad caite, ach bhí deireadh leis an Dóiteán Mór. Chuaigh Pepys ar cuairt chuig Moorfields, páirc mhór phoiblí go díreach ar an taobh ó thuaidh den Chathair, agus chonaic sé campa mór de dhídeanaithe gan teach gan treibh, “poor:
:''poor wretches carrying their goods there, and everybody keeping his goods together by themselves”themselves''.

Thug sé faoi deara freisin go raibh costas an aráin i gcóngair na páirce tar éis méadú faoi dhó. Chuaigh Evelyn amach go Moorfields freisin, a bhí faoin am sin mar phríomháit bhailithe do na daoine gan dídean. Bhí sé scanraithe ag líon na ndaoine cráite a bhí á líonadh, cuid acu faoi phubaill, agus cuid eile i mbotháin seifte. “Many:
:''Many [were] without a rag or any necessary utensils, bed or board... reduced to extremest misery and poverty.” ''
Chuaigh uabhar na Londaineach cráite sin i bhfeidhm go mór ar Evelyn, “tho:
:''tho' ready to perish for hunger and destitution, yet not asking one pennie for relief.''
 
Bhí eagla mhór ar íospartaigh chráite an dóitéain roimh sceimhlitheoirí eachtrannacha agus roimh ionradh Francach agus Ollannach, agus bhí an eagla sin chomh dona is a bhí sí riamh. Oíche Chéadaoin bhris scaoll ginearálta amach sna campaí ag [[Cnoc na Parlaiminte]], Moorfields agus [[Islington]]. Chuir solas sa spéir os cionn Shráid Fleet tús le scéal go raibh 50,000 inimirceach Francach agus Ollanach, a raibh sé amuigh orthu gur thosaigh siad an dóiteán, tar éis éirí agus go raibh siad ag máirseáil i dtreo Moorfields chun deireadh a chur leis an méid a bhí tosaithe ag an dóiteán: scornacha na bhfear a ghearradh, na mná a éigniú, agus an beagán d’earraí pearsanta a bhí acu a ghoid. Ag brúchtadh amach ar na sráideanna, chuaigh an daoscarshlua scanraithe i ngleic le haon eachtrannach a casadh orthu, agus dar le hEvelyn, níor tharla ach go ndearna na Buíonta Oilte, trúpaí na nGardaí Tarrthála, agus baill na cúirte iad a cheansú agus a bhrú ar ais chuig na páirceanna. Bhí trioblóid as cuimse agus deacracht mhór ag baint leis seo. Ba luaineach an mothú a bhí ann ag an am agus bhí faitíos ar Shéarlas go dtosófaí éirí amach ar an mórchóir i Londain i gcoinne na monarcachta. Cuireadh isteach an méid sin ar tháirgeadh agus ar dháileadh bia go dtí gur ídíodh ar fad iad, agus d’fhógair Séarlas go dtabharfaí isteach soláthairtí aráin chuig an gCathair gach lá agus go mbunófaí margaí sábháilte timpeall na himlíne. Bhain na margaí seo le ceannach agus le díol amháin, ní raibh aon amhras go ndáilfí cúnamh éigeandála.
 
== Básanna agus scrios ==
Níl taifead oifigiúil déanta ach ar bheagán de bhásanna ón dóiteán, agus tá sé ceaptha de réir seanchais nach raibh ach beagán de bhásanna fíora ann. Luann Porter an figiúr ocht, agus dar le Tinniswood “figiúirí aonair” a bhí i gceist, cé go ndeir sé chomh maith go gcaithfidh nár taifeadadh cuid de na básanna. Taobh amuigh de bhásanna a tharla go díreach ó dhó agus ó ionanálú deataigh, cailleadh teifigh sna campaí sin a cuireadh le chéile gan ullmhú. Easaontaíonn Hanson go hiomlán leis an tuairim nach raibh ann ach líon beag básanna. Áiríonn sé básanna le hocras agus le fuacht, a bhfuil eolas ann fúthu, ina measc siúd a tháinig slán ón uileloscadh. Deir sé go raibh siad cuachta istigh i mbotháin nó ina gcónaí i measc na bhfothrach, áit a mbíodh a gcuid bailte tráth, sa gheimhreadh fuar ina dhiaidh sin. Ina measc, mar shampla, bhí an drámadóir [[James Shirley]] agus a bhean chéile. Deir Hanson chomh maith “it“''it stretches credulity to believe that the only papists or foreigners being beaten to death or lynched were the ones rescued by the Duke of York”York''”. Dar leis, ní thugann na figiúirí oifigiúla mórán eolais ar chinniúint na mbocht, nach raibh taifead déanta orthu, agus ba leor an teas ag croílár na stoirmeacha olldóiteáin, a bhí i bhfad ní b’airde ná teas gnáthdhóiteán tí, le coirp a dhó go hiomlán. I gcásanna áirithe ní raibh fágtha ach beagán de bhloghanna blaoisce. Ní hamháin go raibh an dóiteán ag dó adhmaid, fabraicí agus tuí, ach dhóigh sé an ola, an phic, an gual, an gheir, na saillte, an siúcra, an t-alcól, an tuirpintín, agus an púdar gunna a bhí coinnithe i stóras sa cheantar ar bhruach na habhann. Leáigh sé an chruach iompórtáilte a bhí ina luí le taobh na gcéanna (leáphointe idir 1,250&nbsp;°C (2,300 F) agus 1,480&nbsp;°C (2,700 F)) agus na slabhraí agus na glais mhóra iarainn ar gheataí na Cathrach (leáphointe idir 1,100&nbsp;°C (2,000 F) agus 1,650&nbsp;°C (3000 F)). Ní bheadh mórán suime ag na boicht ocracha sna bloghanna cnámh anaithnide agus iad ag criathrú trí na mílte tonna de bhrablach agus de bhruscarnach tar éis an dóiteáin, agus iad ar lorg iarmhaise. Is beag suim a bheadh ag na fir oibre iontu ach oiread agus iad ag glanadh an bhrablaigh ina dhiaidh sin don atógáil. Ag féachaint don chiall cheannaithe agus don taithí faighte ó gach mórdhóiteán uirbeach eile thar na céadta, deir Hanson go láidir gur ionsaigh an dóiteán tionóntáin lofa na mbocht de luas nimhe. Dar leis, caithfidh gur sháinnigh an dóiteán ar a laghad, na seandaoine, na daoine an-óga, na mairtínigh agus na bacaigh, agus go raibh deannach agus luaithreach a gcnámh slogtha faoi bhrablach na siléar. Chiallódh sé sin nárbh é ceathrar ná ochtar a cailleadh sa dóiteán, ach go bhfuair na céadta nó, seans maith, na mílte, bás ann.
 
Maidir le foirgnimh agus le hábhair, ríomhtar gurbh é seo a leanas an scrios a rinneadh: 13,500 teach, 87 séipéal paróiste, 44 Halla Cuideachta, an Malartán Ríoga, Teach an Chustaim, Ardeaglais Naomh Pól, [[Pálás Bridewell]] agus príosúin eile Chathrach, Ard-Oifig na Litreacha, agus na trí gheata iartharacha cathrach, Ludgate, Newgate, agus Aldersgate. Rinneadh luach airgeadúil an chaillteanais, a measadh ar dtús gur £100,000,000 in airgead an ama sin a bhí ann, a laghdú ina dhiaidh sin go £10,000,000 neamhchinnte (breis agus £1,000,000,000 i bpuint 2005). Chreid Evelyn go bhfaca sé, sna páirceanna i dtreo Islington agus [[Highgate]], suas le 200,000 duine de gach aicme scaipthe agus iad ina luí in aice leis na cairn earraí ar éirigh leo a shábháil.
Line 102 ⟶ 112:
Ar thionscnamh Shéarlais, i ndiaidh an dóiteáin, cuireadh suas Séadchomhartha do Dhóiteán Mór Londan, gar do Pudding Lane. Ba iad Christopher Wren agus Robert Hooke a dhear é. Tá sé 61 méadar ar airde agus tá aithne air go simplí mar “The Monument”. Is críoch-chomhartha aithnidiúil i Londain é, agus tá a ainm tugtha do cheann de na stáisiúin do na traenacha faoi thalamh. Sa bhliain 1668, cuireadh cúisimh i gcoinne na gCaitliceach leis an Séadchomhartha. Is é seo a leanas cuid dá raibh scríofa air:
 
<blockquote>''Here by permission of heaven, hell broke loose upon this Protestant city.....the most dreadful Burning of this City; begun and carried on by the treachery and malice of the Popish faction...Popish frenzy which wrought such horrors, is not yet quenched... ''</blockquote>
 
Taobh amuigh de na ceithre bliana a raibh Séamus II i réim ó 1685 go 1689, d’fhan an inscríbhinn ann go dtí an bhliain 1830 nuair a ritheadh an t[[Acht um Fhuascailt na gCaitliceach]].<ref>[http://www.bbc.co.uk/history/british/civil_war_revolution/great_fire_01.shtml BBC History - London's Burning: The Great Fire - Bruce Robinson]</ref>
 
Marcálann seádchomhartha eile, ''The Golden Boy'' ar Pye Corner in Smithfield, an áit ar stopadh an dóiteán. De réir na hinscríbhinne, toisc gur thosaigh an dóiteán ag Pudding Lane agus gur stop sé ag Pye Corner, thaispeáin sé sin go raibh an Dóiteán mar fhianaise ar dhíbheirg Dé ar Chathair Londain as peaca an chraois.
Line 110 ⟶ 120:
Creidtear gur mharaigh eipidéim na [[an Phlá Mhór|Plá Móire]] sa bhliain 1665 séú cuid d'áitritheoirí Londan, nó 80,000 duine. Deirtear uaireanta, toisc nár tharla eipidéimí plá arís i Londain i ndiaidh an dóiteáin, gur shábháil an Dóiteán Mór daoine i ndeireadh na dála toisc gur dhóigh sé cuid mhór den tithíocht mhíshláintiúil mar aon leis na [[francach|francaigh]] agus a n[[dreancaid|dreancaidí]] a ghabh léi. Ar ndóigh ba iad na francaigh agus na dreancaidí sin a d’iompair an phlá. Easaontaíonn staraithe maidir le cibé acu ar chuir nó nár chuir an dóiteán cosc ar mhór-ráigeanna ina dhiaidh sin. Maítear ar láithreán gréasáin de chuid [[Iarsmalann Londan]] (The Museum of London) go raibh baint aige leis, ach luann an staraí [[Roy Porter]] nach ndeachaigh an dóiteán in aice leis na codanna ba mhíshláintiúla i Londain, na plódcheantair bhruachbhailteacha. Tá mínithe eile [[eipidéimeolaíocht]]a tagtha chun cinn, agus tá sé tugtha faoi deara freisin gur imigh an galar ó bheagnach gach cathair Eorpach eile ag an am céanna.
 
==Tagairtí==
{{commonscat|Great Fire of London|Dóiteán Mór Londan}}
{{reflist}}
 
[[Catagóir:Londain]]