An difríocht idir athruithe ar: "Útóipe"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Teidil leabhair le Thomas More (1478-1516), Utopia (1516), ag cur síos ar stát idéalach mar a bhfuil gach rud in eagar ar mhaithe leis an gcine daonna i ...'
 
No edit summary
Líne 1:
Teidil leabhair le [[Thomas More]] ([[1478]]-[[1516]]), ''Utopia'' (1516), ag cur síos ar stát idéalach mar a bhfuil gach rud in eagar ar mhaithe leis an gcine daonna i gcoitinne, gan rian de dhrochrudaí cosúil le bochtanas ná ainnise. Tugadh an teideal mar ainm ginearálta ar gach coincheap den saghas ag fealsaimh nó aislingigh. Roimhe sin bhí a leithéid de choincheap ag [[Platón]] i b''Politeia'' (An [[Poblacht|Phoblacht]], c 380 RC) agus [[Naomh Agaistín]] (354-430) ina ''De Civitate Dei contra Paganos'' (Cathair Dé i gCoinne na bPágánach, c 410). Ina dhiaidh bhí ''La Città del Sole'' (Cathair [[An Ghrian|na Gréine]], 1623) le Campanella ([[1568]]-[[1639]]), ''The New Atlantis'' (An tAtlantas Nua, 1627) le [[Francis Bacon]] ([[1561]]-[[1626]]) agus ''The Commonwealth of Oceana'' (Comhlathas na hAigéana, 1656) le James Harrington ([[1611]]-[[1677]]). Scríobh [[Aldous Huxley]] ([[1894]]-[[1963]]) ''Brave New World'' ([[An Domhan|Domhan]] Nua Dána, 1932), agus [[George Orwell]] ([[1903]]-[[1950]]) ''[[Animal Farm]]'' is ''[[Nineteen Eighty-Four]]'' (Feirm na nAinmhithe, 1945; Naoi gCéad Ochtó Ceathair, 1949), aoracha ar an gcoincheap.
 
{{Fréamh an Eolais}}