An difríocht idir athruithe ar: "Loscadh Mór Londan (1666)"

Content deleted Content added
+refs
Líne 108:
Dá ndéanfaí í a atógáil de réir na bpleananna sin, bheadh Londain chomh hollásach le Páras i stíl Bharócach (feic plean Evelyn ar dheis). Rinne an Choróin agus an Chathair iarracht a dhéanamh amach cér leis na tithe agus an talamh go léir go fírinneach, d'fhonn idirbheartú lena gcuid úinéirí maidir le cúiteamh as an athmhúnlú ar an mórchóir a bhain leis na pleananna sin, ach b’éigean dóibh an smaoineamh neamhréalaíoch sin a thréigean. Den chuid is mó, thug daoine neamhaird ar spreagthaí chun fir oibre a thabhairt isteach chun na láithreacha ar ar sheas na tithe a thomhas. I measc na ndaoine sin, bhí daoine a bhí buartha faoin maireachtáil ó lá go lá mar aon leis na daoine a d’fhág an phríomhchathair. Ar an gcéad rud, leis an nganntanas lucht oibre i ndiaidh an dóiteáin, bhí sé fíordheacair fir oibre a aimsiú chun an obair a dhéanamh. Gan trácht ar Wren ná Evelyn, tá a fhios againn gur mhol [[Robert Hooke]], [[Valentine Knight]] agus [[Richard Newcourt]] pleananna atógála.
Toisc nach raibh na castachtaí úinéireachta réitithe, ní fhéadfadh aon cheann de na scéimeanna móra Barócacha le haghaidh Cathair de chearnóga ar stíl Iodáileach agus ascaillí a chur i ngníomh; ní raibh aon duine ann le dul chun réitigh leo agus ní raibh aon bhealach ann chun méid an chúitimh ba chóir a íoc a mheas. In ionad sin, rinneadh an seanphlean sráide a athchruthú sa Chathair nua, le feabhsuithe i gcúrsaí sláinteachais agus sábháilteacht dóiteáin: sráideanna níos leithne, céanna oscailte agus inrochtana feadh fhad na Tamaise, gan teach ar bith ag cur isteach ar an mbealach isteach chuig an abhainn, agus, an rud ba thábhachtaí, foirgnimh a bhí tógtha le brící agus clocha, seachas adhmad. Tógadh foirgnimh nua phoiblí ar láithreacha na gceann a bhí ann rompu: seans maith gurbh í [[Ardeaglais Naomh Pól]] an ceann is cáiliúla, agus cinn chosúla a bhí níos lú, an caoga eaglais nua de chuid [[Christopher Wren.]].
 
Ar thionscnamh Shéarlais, i ndiaidh an dóiteáin, cuireadh suas Séadchomhartha do Dhóiteán Mór Londan, gar do Pudding Lane. Ba iad Christopher Wren agus Robert Hooke a dhear é. Tá sé 61 méadar ar airde agus tá aithne air go simplí mar “The Monument”. Is críoch-chomhartha aithnidiúil i Londain é, agus tá a ainm tugtha do cheann de na stáisiúin do na traenacha faoi thalamh. Sa bhliain 1668, cuireadh cúisimh i gcoinne na gCaitliceach leis an Séadchomhartha. Is é seo a leanas cuid dá raibh scríofa air: