An difríocht idir athruithe ar: "X-chrómasóm"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'An gnéaschrómasóm i ndaoine agus mórchuid na mamach. Cinneann sé baineannacht nuair a tharlaíonn dís (XX) sa núicléas (X amháin ...'
(No difference)

Leagan ó 14:08, 9 Samhain 2013

An gnéaschrómasóm i ndaoine agus mórchuid na mamach. Cinneann sé baineannacht nuair a tharlaíonn dís (XX) sa núicléas (X amháin ón mháthair, an X eile ón athair), chomh maith le 44 gnáthchrómasóm. Bíonn X-chrómasóm amháin sa bhfireannach, le Y-chrómasóm (XY) (an X ón máthair, an Y ón athair), agus 44 gnáthchrómasóm. Athruithe géine sa chrómasóm seo is bun le dathdhaille agus/nó haemifile, a fhaightear mar oidhreacht tríd. Sa naíonán baineann a fhaigheann X athraithe, bíonn an dara X ón athair ann chun an ghéin athraithe a dhéanamh cúlaitheach. Sa naíonán fireann a fhaigheann X athraithe ón máthair (agus Y ón athair) ní bhíonn an dara ceann ann chun an ghéin athraithe a cheilt, agus léirítear ainriocht díobh seo sa naíonán sin. Mar sin, is minice ar fad na hainriochtaí seo i bhfir ná mná. Chun go bhfaighidh an naíonán ainriocht díobh, is gá go mbeidh an t-athair is an mháthair ina n-iompróirí den ghéin athraithe, agus go bhfaighidh an naíonán an X-chrómasóm le géin athraithe (cúlaitheach) ón máthair.