An difríocht idir athruithe ar: "Z-Bósón"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Cáithnín fonúicléach a iompraíonn an fórsa núicleach lag idir cáithníní cóngaracha. Neodrach ó thaobh luchta, guairne 1. Tá páirt ag an bhfórsa lag s...'
(No difference)

Leagan ó 14:22, 9 Samhain 2013

Cáithnín fonúicléach a iompraíonn an fórsa núicleach lag idir cáithníní cóngaracha. Neodrach ó thaobh luchta, guairne 1. Tá páirt ag an bhfórsa lag seo sa radaighníomhaíocht. Réamhinsíodh go raibh a leithéid de cháithnín ann ó theoiric Glashow-Weinberg-Salam, agus go nginfí iad dá n-imbhuailfeadh leictreoin dhiúltacha i gcoinne posatrón dearfach. Bósón ollmhór atá ann, 100 oiread níos mó ná prótón, le mais beagnach chomh mór le mais adamh airgid. Ceaptar go raibh sé flúirseach sa luath-Chruinne. Freagraíonn na Z-cháithníní do na buntuiscintí ar conas a cheanglaíonn na cáithníní bunúsacha go léir le chéile. Déantar na turgnaimh seo le luasghéaraitheoirí cáithníní, mar atá i CERN sa Ghinéiv mar ar cruthaíodh iad go saorga den chéad uair i 1983. Díscaoileann sé ina leictreon is ina phosatrón, ina mhúón is ina fhrithmhúón, nó ina neoidríonó is ina fhrithneoidríonó. Tá tuilleadh turgnamh ar siúl chun airíonna eile na Z-cháithníní a dhéanamh amach.