An difríocht idir athruithe ar: "Zúmáil"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Iarmhairt radharcach, le hionstraimí optúla, i scannáin is físeáin, lenar féidir an íomhá a fhormhéadú nó a laghdú mar a bheadh sí ag teach...'
(No difference)

Leagan ó 14:35, 9 Samhain 2013

Iarmhairt radharcach, le hionstraimí optúla, i scannáin is físeáin, lenar féidir an íomhá a fhormhéadú nó a laghdú mar a bheadh sí ag teacht i dtreo an fhéachadóra nó ag imeacht uaidh. De ghnáth déantar a leithéid le lionsa géarardaithe ar féidir a fhad fócasach, agus mar sin a fhormhéadú, a athrú go leanúnach. Raon 10:1 a fhéadfaidh a bheith sa lionsa a ligfeadh dó feidhmiú mar lionsa uillinne leathaine nó lionsa teileafótach. Is féidir an iarmhairt chéanna a chur i gcrích go leictreonach le ríomhaire.