An difríocht idir athruithe ar: "Scéim Aistriúcháin an Ghúim"

Content deleted Content added
mionfheabhsú stíle
Líne 12:
 
== Fiúntas na Scéime ==
Nuair a cuireadh tús leis an scéim bhíothas den tuairim gur sheift áisiúil a bheadh san aistriúchán chun fadhb na heaspa leabhar Gaeilge a shárú. Bhí scéimeanna aistriúcháin den chineál chéanna curtha i gcrích i bhFlóndras agus sa Bhreatain Bheag ag deireadh na naoú haoise déag le leabhair a sholáthar as Pléimeannais agus as Breatnais, agus iadan agchuma tabhairtar lean fiosscéal go bhféadfaí torthaí maithe a bhaint amach ar an dóigh seo. De réir mar a cuireadh dlús faoin scéim, áfach, thosaigh a lán daoine á cáineadh. Ba é an locht ba mhó a fuarthas uirthi ná go rabhthas ag aistriú an iomarca leabhar Béarla in áit a bheith ag díriú ar theangacha eile. Na daoine a bhí in ann Gaeilge a léamh san am sin, ní raibh aon duine acu dall ar an mBéarla, agus mar sin, bheidís in ann na bunsaothair a léamh pé scéal é - ní raibh aon ghéar-riachtanas acu leis na haistriúcháin. Anuas air sin, níor roghnaíodh ar bhonn córasach na leabhair a bhí le tiontú – rogha phearsanta an eagarthóra nó an aistritheora féin seachas mian an ghnáthléitheora ba bhunús le cuid de na leabhar a roghnaíodh. D’fhág an dá ní sin gur tháinig laghdú ar mhargadh a bhí beag an chéad lá riamh. Maítear freisin go raibh roinnt mhaith de na daoine a rinne aistriúcháin thar ceann an Ghúim ábalta bunsaothair a scríobh agus sásta é sin a dhéanamh agus gurbh fhearr an mhaise don Ghaeilge é dá nglacfadh an Gúm leis na saothair sin seachas a bheith meáite ar aistriúcháin a fhoilsiú. Maíonn roinnt criticeoirí gur mhúch an obair thuirsiúil aistriúcháin a rinne roinnt de na haistritheoirí aon fhuinneamh cruthaitheach a bhí iontu, agus i gcás Sheosaimh Mhic Ghrianna maítear go raibh an tsíoraistritheoireacht a rinne sé sna triochaidí ar ceann de na cúiseanna leis an drochshláinte intinne a tháinig air<ref>Féach, mar shampla Grenne 1969, lch 33.</ref>.
 
Ar an taobh eile de, meastar go bhfuil fiúntas mór sna haistriúcháin i ngeall ar an gcaighdeán ard Gaeilge iontu, gur eiseamláir den dea-aistriúchán iad, agus gur stóras canúintí iad (rud a chuaigh chun sochar na teanga nuair a bhí Foclóir [[Tomás de Bhaldraithe|de Bhaldraithe]] á thiomsú<ref>Féach Ní Bhrádaigh 1997, lch 66.</ref>). Meastar, leis, gur léirigh éagsúlacht na leabhair a aistríodh go raibh an Ghaeilge in ann ag an uile chineál seánra nua-aimseartha (beatháisnéis, stair, litríocht, dráma, réalteolaíocht, scéalta bleachtaireachta, reiligiún srl.) fiú sular tháinig an caighdeán oifigiúil ar an bhfód.