An difríocht idir athruithe ar: "Rainer Maria Rilke"

Content deleted Content added
nasc
Líne 20:
Theastaigh ó na tuismitheoirí go rachadh René le ceird an oifigigh airm, agus sa bhliain 1885 chuaigh sé ar acadamh míleata i Sankt Pölten, Íochtar na hOstaire. Níor thaitin saol an tsaighdiúra leis an ábhar ealaíontóra, agus sa bhliain 1891 d'éirigh sé as an scoil. Ansin thosaigh sé ag freastal ar scoil trádála i Linz, Uachtar na hOstaire, ach ansin bhí scéal grá nó cumann craicinn aige le cailín aimsire a bhí cúpla bliain ní ba shine ná é féin. Sna blianta 1892-1895 bhí sé á theagasc go príobháideach lena ullmhú don Ardteistiméireacht, nó ''Matura''. Bhain sé amach an teastas seo agus chuaigh sé ag staidéar stair ealaíon, litríocht agus fealsúnacht. Níor mhair sé ansin ach bliain sula ndeachaigh sé le dlí mar ábhar staidéir.
 
Sa bhliain 1897 casadh Lou Andreas-Salome air i München. Scríbhneoir mná ab ea Andreas-Salome a raibh cuid mhór taistil déanta aici, agus cé go raibh sí pósta agus í ní ba shine ná eisean thit René i ngrá léi. Bhí cumann grá acu agus chuidigh Lou leisean teacht i gcrann mar scríbhneoir. Ba ise a mhol dó an t-ainm "Rainer" a ghlacadh in áit "René". Sa bhliain chéanna d'aistrigh Rainer óg go Beirlín sna sálaí ag Lou. Ansin chuir sé aithne ar chuid mhaith d'ealaíontóirí agus d'intleachtóirí a linne. Thaistil sé an Iodáil agus an Rúis, agus casadh na scríbhneoirí Lev Tolstoy agus [[Boris Pasternak]] air. Sa bhliain 1900 d'éirigh Lou as an gcumann grá leis agus casadh dealbhóir óg mná air, Clara Westhoff, a phós sé gan mhoill. Rugadh a n-iníon Ruth i ndeireadh na bliana 1901, ach ní raibh sé in ann socrú síos chois tinteáin, agus go gairid ina dhiaidh sin thug sé aghaidh ar Pháras agus é meáite ar leabhar a scríobh ansin faoin ealaíontóir [[Auguste Rodin]].
 
Bhí an saol i bPáras crua go leor ar dtús, nó ní raibh sé i dtaithí na háite roimhe sin. Mar sin féin tréimhse bhisiúil a bhí ann, nó d'éirigh le Rilke an leabhar a scríobh faoi Rodin, ar chaith sé seal ag obair ina rúnaí dó, agus thairis sin, thosaigh sé ag scríobh an t-aon úrscéal amháin a tháinig óna pheann, mar atá, ''Die Aufzeichnungen des Malte Laurids Brigge'' ("Nótaí Mhalte Laurids Brigge"), leabhar eisprisiúnach dírbheathaisnéisiúil a chaitheas súil ar chéad óige an údair agus ar a shaol i bPáras araon. Ainm é Malte Laurids Brigge a bhfuil blas na Danmhairgise air agus nach bhfuil baint ar bith aige leis an Ostair ná le deisceart na Gearmáine.