An difríocht idir athruithe ar: "Aerlong"

Content deleted Content added
cata.
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[FileÍomhá:Zeppellin NT amk.JPG|deas|300px|thumb|Aerlong nua-aimseartha]]
[[Aerárthach]] lena chóras fuinnmhithe féin, ardaithe ag [[buacacht]] gáis atá níos éadroime ná aer. Bíonn an chabhail i bhfoirm todóige, na hinnill is an gondala leis na cábáin ar crochadh uaithi. Tá 3 fhoirm tógála ann d'aerlonga: docht, leathdhocht, agus neamhdhocht. San aerlong dhocht cinneann an chabhail dhocht an cruth. agus bíonn an gás i gcealla taobh istigh de sin. San aerlong neamhdhocht cinneann an brú sa ghás cruth na cabhlach mar a bheadh balún inti. San aerlong leathdhocht bíonn sé cosúil leis an gceann neamhdhocht, ach cíle dhocht ar a fad. [[Hidrigin]] a d'úsáidtí ar dtús mar ghás ardaithe, ach de bharr a hindóiteachta is a drochthaifead sábháilteachta, tá [[héiliam]] curtha ina háit le fada anois. Ní bhíonn siad in úsáid go forleathan i láthair na huaire.