An difríocht idir athruithe ar: "Animalia"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 58:
}}
 
Is mórghrúpa [[orgánach]] iad '''ainmhithe'''. Déantar aicmiú orthu sa [[ríocht (bitheolaíocht)|ríocht]] '''Animalia'''. Tá heiteratrófacht, [[illcheallacht]] agus mothálacht dá dtimpeallacht mar thréithe bunúsacha ag an ngrúpa seo.
 
== Sanasaíocht ==
Tagann an focal " ainmhí" ón bhfocal [[Laidin]]each " animale", a thig ó ''anima'', leis an gciall ''anáil'' nó ''anam''. De réir an [[aicmiú eolaíoch|aicmithe eolaíoch]], déantar na hainmhithe uile a chur i Ríocht. Tugtar daoine san áireamh leis na hainmhithe eile, ach i ngnáthchaint na ndaoine, déantar idirdhealú idir daoine agus na h''ainmhithe neamh-dhaonna''.
 
== Saintréithe ==
Líne 71:
Freisin, mar go ndéanann tromlach na n-ainmhithe bia a dhíleá i seomrín inmheánach, is minic go mbíonn córas casta acu chun déileail leis an mbia seo.
 
=== Atáirgeadh agus Forbairt ===
Baineann ainmhithe úsáid as an atáirgeadh gnéasach agus an atáirgeadh neamhghnéasach, cé gur fíor-anamh an rud é nach bhfaightear an atáirgeadh gnéasach i ngrúpa ainmhithe, fiú más neamh-ghnách an nós é.
Tá tréithe eisiach ag ainmhithe ó thaobh forbairt de. I mbeagnach gach ainmhí, bíonn céim bhlastúil ag an suth, rud atá ina saintréith bhitheolaíochta eisiach ag ainmhí. Freisin, de bharr struchtúr a gcealla, baineann siad úsáid as go leor gluaiseacht cille i rith a bhforbairt ó ceall singil go suth, go ainmhí forbaithe.
 
== Éabhlóid na n-Ainmhithe ==
Ó thaobh iarsamí de, thagann na n-ainmhithe ar an bhfód i dtosach báire i gclocha ó a bhfuil níos mó ná 600 milliúin bliain d'aois. Rinneadh an deighilt idir na grúpaí móra d'ainmhithe thart ar 542 millúin bliain ó shin agus tá siad fós ag athrú go dtí an lá inniu. Ní fios go fóil cé chomh gasta a raibh an deighilt seo agus cén cúis a bhí leis. Ach anois, tá na míllúin saghasanna difrúla d'ainmhithe ann, le réimse fíor-leathan slite beatha is gháthoga acu. Is féidir a rá gur mar dheall ar na trí treithe athluaite, an mothálacht ceadaithe ag an gcóras néaróige, an gluaiseacht gasta ceadaithe ag na matáin agus an féidreacht chun mórchuid foinsí funnimhe difrúla a úsaid ceadaithe ag an ndíleá inmheánach go raibh an cumas ag na n-ainmhithe chun an éabhlóid a dhéanamh sa slí seo.
 
== Grúpaí móra ainmhithe ==
Is féidir níos mó ná tríocha [[fileam]] d'ainmhithe a aimsiú, ach tá mórchuid d'illgnéitheacht na n-ainmhithe le fáil i measc dornán beag de ghrúpaí móra. I measc na grúpaí seo tá [[cordach|Chordata]], [[Arthropoda]], [[Mollusca]], [[Annelida]] agus [[Nematoda]]. Tá go leor d'éagsúlacht an ghrúpa le fáil lasmuigh de na grúpaí móra seo áfach.
=== Porifera ===
Is iad seo na spúinsí mara, ainmhithe simplí gan aon eagraíocht casta, gan fíocháin agus gan siméadracht a mhaireann trí bhia a scagadh ón uisce.
=== Radiata ===
Tá siméadracht ghathach agus eagraíocht bunaithe ar dhá chiseal d'fhíocháin mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá na smugairlí rón, na coiréalaigh agus na spíonáin mara mar bhaill den ghrúpa seo.
=== Deuterostomata ===
Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin agus forbairt an anas ón gcéad oscailt sa suth mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá na [[cordach|cordaigh]] agus na eicínideirmigh (crosóg mhara agus a gaolta) mar bhaill den ghrúpa seo.
=== Ecdysozoa ===
Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin, forbairt an bhéal ón gcéad oscailt sa suth agus foladh craicin mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá [[Arthropoda]] agus [[Nematoda]] mar bhaill den ghrúpa seo.
=== Lophotrochozoa ===
Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin agus forbairt an bhéal ón gcéad oscailt sa suth mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá [[Mollusca]] (seilide agus a gaolta) agus [[Annelida]] (na péist deighilte) mar bhaill den ghrúpa seo.
 
== Tábhacht na n-Ainmhithe ==
Tá ról suntasach ag ainmhithe i ngnáthóga éagsula mórthimpeall na cruinne.
 
== Féach freisin ==
 
== Nótaí ==
== Tagairtí ==
== Naisc sheachtracha ==