An difríocht idir athruithe ar: "Alistair MacLean"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q333713 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 26:
Ansin, áfach, cuireadh cor eile ina chinniúint. Nuair a bhí sé ina mhac léinn, d'éirigh leis scéalta a fhoilsiú ó am go ham agus airgead breise a shaothrú ar an dóigh seo. Sa bhliain 1954 bhuaigh sé comórtas scéalaíochta le scéal farraige faoin teideal ''Dìleas''. D'iarr an comhlacht foilsitheoireachta Collins air úrscéal a scríobh dóibh ansin, agus is é an leabhar a tháinig as a pheann ná ''HMS Ulysses''. Bhí an leabhar bunaithe ar thaithí cogaidh an scríbhneora féin, ach fuair sé cabhair óna dheartháir, a bhí ina Mháistir Mairnéalaigh, is é sin, ina mhairnéalach oilte proifisiúnta. Bhí rath agus ráchairt ar an leabhar, agus shaothraigh sé chomh maith ar an leabhar sin agus go raibh sé in ann éirí as an múinteoireacht agus dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha. Ba iad na húrscéalta spiaireachta, na scéinséirí agus na heachtraí cogaidh an dlúth is an t-inneach ina chuid scríbhneoireachta.
 
I dtús na seascaidí d'fhoilsigh MacLean dhá úrscéal faoin ainm cleite "Ian Stuart" lena thaispeáint don tsaol mhór gurbh é lorg na dea-oibre ba chúis le rath a chuid leabhar, seachas an t-ainm ar an gclúdach. Ní dhearna sé iarracht ar bith lena stíl phearsanta a cheilt, áfach, agus bhí blas na hAlban ar an ainm cleite féin.
 
Bhí MacLean ag saothrú go rímhaith ar a chuid leabhar, agus le fírinne bhí an t-airgead ag tonnadh isteach chomh flúirseach is go bhfuair sé riachtanach aistriú go dtí an Eilvéis le teacht slán ó chánachas na Ríochta Aontaithe. Sna blianta 1963-1966, arís, bhí sé ag dul le hóstóireacht mar shlí bheatha, agus é ag staonadh ón scríbhneoireacht ag an am.