An difríocht idir athruithe ar: "An Afracáinis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 21:
Tá sé ina chnámh spairne i gcónaí conas a d'fhorbair an Afracáinis, nó is iontach luath a thit córas gramadaí na hOllainnise as a chéile san Afraic, i gcomparáid leis na teangacha coilíneacha eile. De ghnáth, bíonn an teanga níos ''coimeádaí'' sna coilíneachtaí ná a mhalairt. Is é an míniú a bhíonn ag cuid mhór de na teangeolaithe nach Bóraigh iad ná gur tharla [[Nasctheanga|nasctheangú]] nó [[Fásteanga|fásteangú]] éigin don Ollainnis, is é sin, gur fhoghlaim grúpa éigin de neamhchainteoirí dúchais salacharaíl Ollainnise gan aird a thabhairt ar an ngramadach cheart, agus go raibh an grúpa seo chomh mór is go raibh níos mó tionchar aige ar fhorbairt na teanga san Afraic Theas ná ag na cainteoirí dúchais a tháinig isteach ón Eoraip.
 
=== Caighdeánú ===
 
Deir an teangeolaí [[Paul Roberge]] gur breacadh an Afracáinis síos an chéad uair sa bhliain [[1795]]. Ní raibh i gceist san am sin ach cineál raiméis véarsaíochta. Sa chéad leath den naoú haois déag féin, ba í an Ollainnis chaighdeánach an teanga ina ndéanadh na Bóraigh a gcuid léitheoireachta. Bhí an-ról i gcaighdeánú na teanga ag L.H.Meurant, a d'fhoilsigh ''Zamenspraak tusschen Klaas Waarzegger en Jan Twyfelaar'' sa bhliain 1861. Iriseoireacht pholaitiúil atá i gceist leis an ''Zamenspraak'' seo (is é is ciall leis an teideal ná "Comhrá idir Nioclás Fírinneach agus Eoin Amhrasach") agus is é is ábhar don téacs ná gluaiseacht neamhspleáchais Choilíneacht na Rinne. Go gairid ina dhiaidh sin d'fhoilsigh an scoláire Ioslamach Abubakr Effendi treoirleabhar reiligiúnach do Mhuslamaigh na hAfraice Theas sa teanga, agus é ag úsáid na litreach Arabach. Bhí teanga Abubakr an-congarach don Afracáinis labhartha - níos cóngaraí ná stíl Meurant a raibh blas na hOllainnise uirthi go fóill. Ba é Cumann na bhFíor-Afracánach, nó ''Genootschap vir Regte Afrikaners'', i g[[Cathair na Rinne (An Afraic Theas)|Cathair na Rinne]] a d'fhoilsigh an chéad fhoclóir Afracáinise agus an chéad ghraiméar, sa bhliain [[1875]].
Líne 29:
Cuid thábhachtach de chaighdeánú na hAfracáinise ab ea an chéad aistriúchán ar an mBíobla. Le fada an lá bhí lucht labhartha na hAfracáinise ag úsáid an ''Statenbijbel'' nó an ''Statenvertaling'', leagan Ollainnise a foilsíodh sna 1630idí agus a bhí deacair dothuigthe ag cainteoirí na hOllainnise comhaimseartha féin gan trácht ar bith a dhéanamh ar lucht na hAfracáinise. Tháinig an chéad aistriúchán iomlán i gcló sa bhliain 1933: i measc na n-aistritheoirí bhí an file Jacob Daniël "Totius" du Toit agus an diagaire Barend Bartholomeus Keet a bhí go mór mór in aghaidh an dóigh a mbaintí úsáid as an mBíobla leis an [[apairtéid]] a chosaint.
 
== Gramadach ==
 
Tá gramadach na hAfracáinise simplithe go mór, i gcomparáid leis an Ollainnis. Mar a luadh thuas, d'imigh an inscne ghramadúil go hiomlán. Ní úsáidtear foirmeacha pearsanta na mbriathar a thuilleadh, ach an oiread: deir an Ollainnis ''ik ben, jij bent, hij is'' ("táim, táir, tá sé"), ach is é ''is'' an t-aon fhoirm a chloisfeá san Afracáinis: ''ek is, jy is, hy is'' ("tá mé, tá tú, tá sé").
Líne 39:
[[Catagóir:Teangacha na hAfraice]]
[[Catagóir:An Afraic Theas]]
 
{{Nasc AR|af}}