An difríocht idir athruithe ar: "An Asarbaiseáinis"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 17:
B'iad na litreacha Arabacha a bhíodh in úsáid ag na hAsarbaiseánaigh leis an teanga a bhreacadh síos, ar dtús. Nuair a tháinig na Boilséivigh i gceannas ar an Rúis, áfach, chomhairligh siad an aibítir Laidineach a chur i bhfeidhm ar theangacha Tuirceacha an Aontais Shóivéadaigh. Sin é mar a rinneadh ar dtús, is é sin, ó thús na bhfichidí ar aghaidh. Bhí sé beartaithe san am seo an aibítir Laidineach a chur i bhfeidhm ar an Rúisis féin, nó theastaigh ó na Boilséivigh an tír ar fad a oscailt don Iartharachas. Nuair a chuir [[Stalin]] deireadh leis an oscailteacht seo, áfach, caitheadh na litreacha Iartharacha féin i dtraipisí, agus chrom na hAsarbaiseánaigh ar leagan den [[aibítir Choireallach]] a úsáid sna tríochaidí.
 
Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, chinn na hAsarbaiseánaigh ar an aibítir Laidineach a chur in úsáid ina dteanga arís. An leagan a úsáideann siad, tá sé an-chosúil le haibítir na Tuircise, nó seasann an litir Ç do "ch" an Bhéarla, agus an C do "j" an Bhéarla. Thairis sin, déantar idirdhealú idir I gan phonc agus İ le ponc. Fuaimnítear an chéad cheann acu cosúil le "ao" na Gaeilge, agus is gnáth-"í" an ceann eile. Is é an litir Ə an ceann is aistí sa teanga, agus í ag seasamh don fhuaim a chuirtear in iúl le [æ] in aibítir idirnáisiúnta na bhfuaimeanna, is é sin, an t-"a" tosaigh. Mar sin, ní hionann Ə na hAsarbaiseáinise agus [ə] na dteangeolaithe, a sheasann don "ghuta chúnta" dhoiléir.
 
San [[An Iaráin|Iaráin]], ní dhéantar mórán saothrú liteartha ar chanúint áitiúil na hAsarbaiseáinise, ach má scríobhtar í, is é an leagan Peirseach den [[aibítir Arabach]] a chuirfear i bhfeidhm uirthi, ar ndóigh. Teanga labhartha atá ann go bunúsach, áfach, agus is í an [[Peirsis|Pheirsis]] an teanga scríofa is fearr le haos léinn an chúige, fiú más í an Asarbaiseáinis atá ó dhúchas acu.