An difríocht idir athruithe ar: "An Bhealarúisis"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q9091 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 19:
I mblianta tosaigh Aontas na Polainne agus na Liotuáine, ba nós "Liotuáinis" a thabhairt ar na canúintí Slavacha Oirthearacha a bhí á labhairt sa leath Liotuánach den Aontas, nó bhí cainteoirí na gcanúintí seo i bhfad níos líonmhaire san Aontas ná cainteoirí na fíor-[[Liotuáinis]]e, nach teanga Shlavach í ar aon nós. Bhí Bealarúisis na linne seo, nó "an teanga seansailéireachta Iar-Rúiseach" (''Ruthenian chancellery language''), mar a thugann lucht an léinn Shlavaigh air ó am go ham, in úsáid mar theanga oifigiúil sa Liotuáin, agus bhláthaigh sí mar theanga chultúrtha freisin san tséú haois déag. Sa chéad aois eile, áfach, rinne na cogaí an-ródach ar an Liotuáin, agus ina dhiaidh sin, tháinig teanga na leithe iartharaí den Aontas, an Pholainnis, go mór chun tosaigh mar theanga chultúrtha sa Liotuáin féin, agus an Bhealarúisis agus an Liotuáinis féin ag géilleadh don fhorlámhas cultúrtha agus teanga seo i measc na scothaicmí. San ochtú haois déag, is beag a bhí fágtha de thraidisiún scríbhneoireachta na Bealarúisise, agus ní raibh ann a thuilleadh ach dornán de chanúintí labhartha. Is féidir, mar sin, cás na Bealarúisise a chur i gcomparáid le cás na Gaeilge.
 
Mar sin féin, d'fhan dream beag de mhaithe is de mhóruaisle áitiúla ag baint úsáide as an teanga lena ndlúthpháirtíocht leis an gcosmhuintir a chur in iúl. Tháinig athrú iomlán air seo nuair a thit oirthear na Polainne, is é sin, an Liotuáin agus an Bhealarúis, leis an Rúis, agus an chríochdheighilt ag dul ar an bPolainn i ndeireadh na hochtú haoise déag. B'é an tuiscint oifigiúil a bhí ag údaráis na Rúise ar an scéal nach raibh sa Bhealarúisis ach canuint de chuid na Rúisise, agus í truaillithe le focail iasachta Polainnise. Thairis sin, ní rabhthas ag labhairt mórán Bealarúisise sna cathracha riamh - b'í teanga na tuaithe í sa Bhealarúis féin, agus na cathracha ag roghnú na Polainnise, mura raibh siad ag dul leis an Rúisis in imeacht na mblianta.
 
Níor thosaigh an mórtas cine ná an náisiúnachas ag forbairt sa Bhealarúis ach deireanach go leor, i dtús na fichiú haoise. Roimh réabhlóid na Rúise, áfach, cheadaigh na húdaráis impiriúla sa Rúis teagasc na teanga sna scoileanna, go háirithe mar chuid de liobrálú an pholasaí i leith na dteangacha mionlaigh i ndiaidh thrioblóidí na bliana 1905.
Líne 27:
Le teacht na dtríochaidí, áfach, tháinig athrú poirt ag an rialtas Sóivéadach. Bhí iartharachas agus idéalachas na mBoilséavach ag géilleadh do leithliseachas agus do pharanóia Stailín, agus é ag déanamh éirligh ar aon duine nó dream a d'fhéadfadh a fhorlámhas a cheistiú faoin am seo. Cuireadh spiaireacht agus "náisiúnachas buirgéiseach" i leith go leor intleachtóirí agus scríbhneoirí Bealarúiseacha, agus an chuid acu nár básaíodh ar an toirt, tugadh go dtí [[GULag|oileánra na gcampaí géibhinn]] iad, áit a bhfuair go leor eile acu bás agus iad á maslú in oibreacha troma na daorbhroide. Is follasach gur buille trom a bhí ann don teanga féin. Thosaigh na Bealarúisigh ag dul leis an Rúisis leis an milleánú faoi "náisiúnachas" a sheachaint, agus iad ag cur a gcuid páistí i scoileanna Rúisise. Thairis sin, caitheadh caighdeán gramadaí Taraškievič i dtraipisí, agus tugadh isteach caighdeán nua, ''Narkomaǔka'', nó caighdeán Choimeasár an Phobail. Seasann an focal Rúisise "narkom" don "narodnyi kommissar", coimeasár an phobail - i dtúsbhlianta an stáit Shóivéadaigh, thugtaí "coimeasáir phobail" ar na hAirí Rialtais. Mar sin, is é atá i gceist le caighdeán an "narkom" ná caighdeán an Aire Oideachais. Bhí graiméar agus litriú an Aire Oideachais níos cosúla leis an Rúisis ná gramadach Taraškievič, agus is follasach go raibh an caighdeán nua seo ceaptha d'aonturas leis na cosúlachtaí idir an Rúisis agus an Bhealarúisis a íosmhéidiú.
 
Inniu féin, tá lucht leanúna an dá leagan den teanga in adharca a chéile. Mar sin, tá dhá leagan Bealarúisise den Vicipéid ann: [http://be.wikipedia.org an ceann sa cheartlitriú Narkomaǔka] agus [http://be-x-old.wikipedia.org an ceann i gcaighdeán Branisłaǔ Taraškievič].
[[Íomhá:Belarus Census 2009 - languages spoken at home Belarusian&Russian.png|thumb|320px|left|Bealarúisis (dearg) mar chéad teanga (2009)]]
I ndiaidh an [[Dara Cogadh Domhanda]], cuireadh an leath Pholannach den Bhealarúis leis an mBealarúis Shóivéadach. Anois, bhí an chuid ba mhó de na Bealarúisigh in aon stát amháin, mura raibh ann ach an stát Sóivéadach. Níor chuidigh an t-athrú seo leis an teanga, áfach. D'fhan an Bhealarúisis ag saothrú an bháis faoi thionchar uileghabhálach na Rúisise, go dtí gur tháinig an [[peireastráice]]. B'ansin a cuireadh spéis sa Bhealarúisis arís.
Líne 81:
== Naisc sheachtracha ==
 
* [http://www.pravapis.org/fundamental_belarusian.pdf Uraiceacht na Bealarúisise le Chris Marchant] - téacsleabhar Bealarúisise i litriú oifigiúil na Bealarúise (Narkomaǔka). Tá an téacsleabhar seo scríofa i mBéarla, ach tá sé dírithe ar dhaoine a bhfuil Rúisis nó Úcráinis acu cheana féin.
 
* [http://www.pravapis.org Láithreán idirlín as Béarla faoin mBealarúisis], agus go leor ábhar ar fáil ansin saor in aisce.
 
* [http://www.knihi.com Leabharlann Idirlín as Bealarúisis]. Tá go leor leabhar Bealarúisise le léamh ar an láithreán seo, ach is í an Bhealarúisis an t-aon teanga amháin a úsáidtear ar an láithreán.
 
* [http://knihi.com/Hierbert_Uels/Vajna_susvietau.html Cogadh na Reann as Bealarúisis] - leagan Bealarúisise de ''[[Cogadh na Reann|Chogadh na Reann]]'' le [[H. G. Wells]], aistrithe ag V. Tamaševič. Sampla den chineál litríochta atá ar fáil ó www.knihi.com.
 
* [http://kamunikat.org/Kalita_Ina.html Калита И. В. Современная Беларусь: языки и национальная идентичность. Ústí nad Labem, ISBN 978-80-7414-324-3, 2010, 300 s. s. 112-190.]