An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain Bheag"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 140 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q25 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 44:
}}
 
Tír atá suite ar iarthar oileáin [[an Bhreatain|na Breataine]] í '''an Bhreatain Bheag'''. Tá dhá phríomhtheanga ann, an [[Béarla]] agus [[an Bhreatnais]], agus sa Bhreatnais tugann muintir na tíre ''Cymru'' (fuaimnítear mar 'comraí', leis an mbéim ar an gcéad siolla) ar a dtír agus Cymraeg (fuaimnítear mar 'comráidhg', leis an mbéim ar an dara shiolla) ar a dteanga. ''Wales'' agus ''Welsh'' a deirtear i mBéarla. Tá Breatnais ag 20% den daonra, agus úsáideann suas le 10% an teanga ar bhonn rialta.
 
Tá 2,903,085 duine ina gcónaí sa tír. Is é [[Caerdydd]] (''Cardiff'' as Béarla) príomhchathair na tíre. I ndeisceart na tíre atá formhór an daonra, mar go ndeachaigh sé ar aghaidh leis [[an Réabhlóid Thionsclaíoch]], mar gheall ar an gual agus iarainn a fuarthas ann, agus mar gheall ar na calafoirt bhreátha atá sna bailte móra. Tá na trí chathair is mó, [[Caerdydd]], [[Abertawe]] (Swansea) agus [[Casnewydd]] (Newport) suite i ndeisceart na tíre.