An difríocht idir athruithe ar: "An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Bot: Migrating 14 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1068258 (translate me))
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
}}
 
Ollscoil [[Éire]]annach is ea '''An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath''' nó '''COBÁC''' ([[Béarla]]: ''University College Dublin'' (UCD)), (nó '''Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath''' mar a ghlaoitear uirthi go minic), (''University College Dublin - National University of Ireland, Dublin'' tráth), atá suite i m[[Belfield]] i ndeisceart na príomhchathrach, [[Baile Átha Cliath]]. Is an [[ollscoil]] is mó in Éirinn í le breis agus 20,000 mac léinn cláraithe inti. Is comhcholáiste de chuid [[Ollscoil na hÉireann]] í. B'í an chéad ollscoil Chaitliceach in Éirinn í. Tagann an ollscoil ó bhforas, ''The Catholic University of Ireland'', a raibh lámh ag [[John Henry Newman]] ina bunú agus is é a bhí mar an chéad reachtaire uirthi sa bhliain [[1854]]. Rinneadh athmhúnlú air sa bhliain [[1880]] agus a fuair a cairt féin faoi [[1908]].
 
== Foirgnimh san Ollscoil agus cinn atá nasctha léi ==
* Teach Radharc na Coille
 
Ainmníodh foirgneamh sa Choláiste i gcuimhne ar [[Gerard Manley Hopkins ]] sa bhliain [[2011]], tar éis a thréimhse ann mar Ollamh [[Gréigise]].
 
Bhronn [[Peter Sutherland]] €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.
Is stáisiún raidió mac léinn é [[Belfield FM]] a chraolann as An Coláiste Ollscoile, ar líne agus ar FM ar feadh tréimhsí áirithe gach bliain.
 
== Spórt ==
Is iomaí spórt a imrítear ar champas agus is ann do mhórán áiseanna éagsúla cé nach bhfuil raon reatha ag an gColáiste a thuilleadh. Osclaíodh ionad úr spóirt sa bhliain [[2012]] a bhfuil linn snámha, [[giomnáisiam]] agus áiseanna eile mac léinn ann.
 
=== Sacar ===
Is ann a imríonn [[Cumann Peile Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]].
 
== Féach freisin ==
[[Iarmhic léinn COBÁC]]
 
[[Catagóir:An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath| ]]
[[Catagóir:Alumni COBÁC]]
[[catagóirCatagóir:Scoileanna Leighis]]
20,103

edits