An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Eorpach"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
|||
Líne 4:
|íomhá=Flag of Europe.svg{{!}}200px
|foscríbhinn=
|léarscáil=[[
|fsléarscáil=<small>Ballstáit an tAontais Eorpaigh.</small>
|ceanncheathrú=[[An Bhruiséil]] (''de facto'')
Líne 97:
Is é an Coimisiún Eorpach feidhmeannas an AE agus tá sé freagrach as reachtaíocht a thionscnamh agus gnóthaí an AE a reáchtáil ó lá go lá. Tá sé ceaptha go ngníomhódh an Coimisiún ar son leasa an AE ina iomláine, murab ionann agus an Chomhairle Eorpach nó Comhairle an Aontais Eorpaigh, a bhfuil an claonadh iontu a bheith dílis dá leas náisiúnta féin. Deirtear gurb é an coimisiúin is údar spreagtha do lánpháirtiú na hEorpa. Faoi láthair, tá 28 gcoimisinéir (duine as gach Ballstát) sa Choimisiún agus tá a réimse freagrachta beartais féin ag gach duine díobh. Cuireann gach Ballstát a n-ainmniúchán féin don Choimisiún faoi bhráid na Comhairle (ag gníomhú di ina gceannairí Stáit nó Rialtais), agus bíonn de chúram ar Pharlaimint na hEorpa Uachtarán an Choimisiúin, agus an 'coláiste' de Choimisinéirí a fhormheas.
Is í Parlaimint na hEorpa tionól daonlathach an AE, agus bíonn baint aici le reachtaíocht na hEorpa a rith. Toghann saoránaigh an AE na 785 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE)
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh údarás reachtach an AE (a ngníomhaíonn an Pharlaimint i gcomhpháirt léi i réimsí áirithe). Déantar ionadaíocht ar gach Ballstát ar an gComhairle, tríd an Aire atá freagrach as an ábhar atá á phlé a bheith i láthair. (Tarlaíonn sé amanna go mbíonn feidhmeannaigh státseirbhíse i láthair thar ceann na nAirí.) Mar shampla, tá an Chomhairle Talmhaíochta comhdhéanta de na hAirí Talmhaíochta agus mar sin de. Cé go gcruinníonn an Chomhairle i gcomhdhéanaimh dhifriúla, meastar gur aon institiúid amháin í. Dá bharr sin, feidhmíonn an Chomhairle na feidhmeanna cur chun feidhme maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála.
Tá an chraobh bhreithiúnach déanta de Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (CBE - Is Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thugtar uirthi i gConradh Liospóin) agus Chúirt Chéadchéime.
=== Córas Dlíthiúil ===
Líne 114:
=== Buiséad ===
Aontaíonn na Ballstáit buiséad an Aontais Eorpaigh ar bhonn ilbhliantúil tar éis dóibh togra a fháil ón g[[Coimisiún Eorpach]]. D'imigh an buiséad deiridh in éag i [[2006]] agus caithfear buiséad nua a aontú do na blianta [[2007]]-[[2013]]. Cuireadh tús leis na pléite ar an mbuiséad nua i [[2004]].
== Beartais ==
|