An difríocht idir athruithe ar: "Angóla"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 50:
Tháinig na Portaingéalaigh go hAngóla an chéad uair faoi dheireadh na cúigiú haoise déag. San am sin, bhí na ríochtaí beaga úd Ndongo agus Lunda anseo - ríochtaí a bhí faoi fhorlámhas an Chongó. Shocraigh na Portaingéalaigh conradh faoi chaidreamh taidhleoireachta leis an gCongó sa bhliain 1483, agus rinne siad lárionad tábhachtach tráchtála den cheantar seo. Sa bhliain 1575, bhunaigh an taiscéalaí Portaingéalach Paulo Dias de Novais cathair Luanda, nó ''São Paulo de Loanda'', Naomh Pól ó Loanda, mar a bhaist sé ar an áit. Chuaigh céad comhluadar de choilínithe a chónaí i Luanda ar dtús, agus fuair siad ceithre céad saighdiúir mar gharda cosanta.
 
Áit thábhachtach eile a bhí i mBenguela. Bunaíodh mar dhún is mar bhunáit mhíleata í ar dtús, thiar sa bhliain 1587, agus hiompaíodh ina cathair í sa bhliain 1617.
 
{{glanadh}}
Is iar-choilíneacht [[An Phortaingéil|Phortaingéalach]] í a fuair a neamhspleáchas san bhliain [[1975]]. Díreach ina dhiaidh sin thosaigh cogadh san tír idir trí grúpaí - UNITA (''União Nacional para a Independência Total de Angola''), an MPLA (''Movimento Popular para a Libertação de Angola'') agus an FNLA (''Frente Nacional para Libertação de Angola''). D'fhág na Portaingéalaigh an tír go tapaidh gan rialtais eile a chuir i bhfeidhm agus d'éirigh leis an MPLA rialtais a chruthú sa phríomhchathair díreach ina dhiaidh sin. D'fhéach an FNLA agus an UNITA ruaigeadh a chur ar an MPLA ach níor éirigh leo. Don chéad dul síos d'ionsaigh an FNLA an tír ón tSáír (anois Poblacht Dhaonlathach an Chongó) le cabhair ó na Meiriceánaigh agus ó Mhobutu Sese Seko, deachtóir na Sáíre. Cuireadh scaipeadh ar fhórsaí an FNLA le cabhair saighdiuirí Cúbacha; chuir na Cúbaigh ruaigeadh ar an UNITA agus ar na fórsaí ón Afraic Theas a bhí ag máirseáil aneas i dtreo na príomhchathrach díreach ina dhiaidh sin. Ba é sin deireadh an FNLA mar grúpa armtha, ach lean an UNITA leo ag troid go dtí an bhliain [[2002]] nuair a maraíodh ceannaire UNITA, Jonas Savimbi, i gceanntair Moxico in oirthear na tíre.
 
== Tíreolaíocht ==