An difríocht idir athruithe ar: "Atmaisféar an Domhain"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 5:
 
== Brú atmaisféarach ==
Is éard is brú atmaisféarach ann ná an fórsa in aghaidh an aonaidachair, atá i bhfeidhm go hingearach ar dhromchla, ag an gás máguaird. Aimsítear é ó fhórsa imtharraingthe an phláinéid i gcomhar le mais iomlán cholún aeir os cionn suímh. Tá [[aonad brú an aeir|aonaid brú an aeir]] bunaithe ar chaighdeán atá aitheanta go hidirnáisiúnta, sé sin 'an [[Atmaisféar Caighdeánach|tAtmaisféar Caighdeánach']], a shainmhínítear mar 101,325 Pa (nó 1,013,250 díneacha in aghaidh cm ²).
Laghdaíonn brú ghás atmaisféarach le hairde mar gheall ar laghdú mhais an gháis os cionn an tsuímh.
 
Tugtar an [[airde scála]] ar an airde ag a bhfuil an brú atmaisféarach laghduithe ag fachtóir de ''''e'''' ( uimhir éagóimheasta le luach de 2.71828 ..) ar a dtugtar ''''H'''' air. Nuair atá atmaisféar ann le teocht aonfhoirmeach, tá an 'airde scála' comhréireach leis an teocht agus i gcomhréireach contrártha leis an mais mhóilíneach mheánach
d'aer tirim oiread luasghéarú imtharraingteach an phláinéid. I gcás den sórt sin samhail atmaisféir eiseamláir, titeann an brú go heaspónantúil le airde na hairde. Níl, áfach, atmaisféir aonfhoirmeach i teochta, mar sin tá cinneadh cruinn ar bhrú an atmaisféir ag aon airde áirithe níos casta fós.
== Éalaitheach atmaisféarach ==
Tá difríocht shubstaintiúil idir [[Imtharraingt dromchla]] i measc na bpláinéad, an fórsa a choinníonn síos an t-atmaisféar. Mar shampla, tá fórsa mór imtharraingthe an [[ollphláinéad|ollphláinéid]] [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatar]] in ann gáis éadroma, mar [[hidrigin]] agus [[héiliam]] a choinneáil, a éalaíonn ó réada le himtharraingt níos ísle. 'Fad ón ghrian' a chinneann an fuinneamh atá ar fáil chun gás atmaisféarach a théamh go dtí an pointe nuair a sháraíonn [[gluaisne theirmeach]] a mhóilíní [[treoluas éalaithe]] an phláinéid, (''.i. an luas ina sáraíonn móilíní gáis greim imtharraingthe an phláinéid''). Dá bhrí sin, tá [[Tíotán (gealach)|Tiotán]], [[Tríotón (gealach)|Tríotón]] agus [[Plútón (abhacphláinéad)|Plútón]] in ann a n-atmaisféar a choinneáil, in ainneoin imtharraingtí réasúnta íseal. Féadfaidh pláinéid idir-réaltacha, go teoiriciúil, atmaisféir tiubha a choimeád freisin.
 
Ós rud é, ag aon teocht ar leith, go mbíonn móilíní gháis ag bogadh ar raon leathan treoluasanna, beidh roinnt mall-sceitheadh de gháis amuigh sa spás ag titim amach, beagnach go leanúnach. Bogann móilíní a bhíonn níos éadroime níos tapúla ná na cinn níos troime leis an [[Fuinneamh cinéiteach|bhfuinneamh cinéiteach]] céanna , agus mar sin, bíonn gáis de mheáchan móilíneach íseal a chailleadh níos tapúla ná iad siúd de mheáchan móilíneach ard. Síltear go mbéidir gur chaill [[Véineas (pláinéad)|Véineas]] agus [[Mars (pláinéad)|Mars]] a gcuid uisce go léir beagnach nuair, tar éis a bheith fótai-díthiomsaithe chuig [[hidrigin]] agus [[ocsaigin]] ag solas ultraivialait na Gréine, d'éalaígh an hidrigin.
 
== Comhshuíomh ==
[[Íomhá:Top of Atmosphere.jpg|thumb|290px|right|Scaipeann gáis atmaisféarach solas gorm níos mó ná tonnfhaid eile, ag tabhairt luan gorm ar an Domhan nuair a fheictear air ó spás.]]Is é is cúis le comhshuíomh ceimiceach atmaisféir tosaigh ná go ginearálta ceimiceáin agus teochtaí an [[Réaltnéal|réaltnéil]] áitiúil, i rith fhoirmíocht phláinéadach, agus an t-éalaíoch gháis ón taobh istigh ina dhiaidh sin. Tháinig éabhlóid nach beag ar na hatmaisféir bunaidh thar tréimhse ama, le hairíonna éagsúla na bpláinéad mar thoradh ar na torthaí an-difriúil atá fágtha.
 
Tá atmaisféir na bpláinéad [[Véineas (pláinéad)|Véineas]] agus [[Mars (pláinéad)|Mars]] comhdhéanta go príomha de [[Dé-ocsaíd charbóin|dhé-ocsaíd charbóin]], le cainníochtaí beaga de [[Nítrigin|nítrigine]], [[argón]], [[ocsaigin]] agus rianta de gáis eile.
Líne 22:
== Comhdhéanamh ==
=== An Domhan ===
Cuimsíonn atmaisféar an Domhain, ón dtalamh aníos, an [[trópaisféar]] (a chuimsíonn an tsraithe ar fhódchiseal an phláinéid nó an peploisféar mar an tsraith is ísle), an [[strataisféar]], an [[méisisféar]], an [[teirmisféar]] (ina bhfuil an [[ianaisféar|t-ianaisféar]] agus an [[Eisisféar|t-eisisféar]]) agus freisin an [[maighnéadaisféar]]. Tá [[ráta laghdaithe]] éagsúla ag gach ceann de na sraitheanna, a shainíonn an ráta athraithe teochta le hairde.
 
Luíonn trí cheathrú den atmaisféar istigh sa trópaisféar, agus athraíonn doimhneacht an chisil idir 17 km ag an Mheánchiorcal agus 7 km ag na moil. Is é an [[ciseal ózóin]], a ionsúnn fuinneamh ultraivialait ón Ghrian, atá lonnaithe go príomha ins an strataisféar, ar airde de 15-35 km. Úsáidtear go coitianta an [[líne Kármán]], atá suite laistigh den atmaisféar ag airde de 100 km, chun an teorainn idir atmaisféar an Domhain agus an spás lasmuigh a shainmhíniú. Ach, is féidir leis an eisisféar leathnú ó 500 suas go dtí 10,000 km thuas ar an dromchla, áit a n-idirghníomhaíonn sé le maighnéadaisféar an phláinéid.
=== Eile ===
 
Líne 36:
* Atmaisféar [[Mars|Mharsa]]
* Atmaisféar [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatair]]
** Atmaisféar [[Io (gealach)|Io]]
** Atmaisféar [[Callisto (gealach)|Challisto]]
** Atmaisféar [[Europa (gealach)|Europa]]
Líne 54:
 
== Cúrsaíocht ==
Tarlaíonn cúrsaíocht an atmaisféir mar gheall ar dhifríochtaí theirmigh má éiríonn [[comhiompar]] níos éifeachtaí mar iompróir teasa ná [[radaíocht theirmeach]]. Ar phláinéid ina mbíonn radaíocht na gréine ina phríomhfhoinse teasa, iompraítear iomarca teasa ó na Trópaicí go domhanleithidí níos airde. Nuair a ghineann pláinéad méid suntasach teasa go hinmheánach, mar atá an cás le [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatar]], is féidir le cúrsaíocht an atmaisféir fuinneamh teirmeach a iompair ón taobh istigh suas go dtí an dromchla.
== Tagairtí ==
{{reflist}}