An difríocht idir athruithe ar: "Baile an Fheirtéaraigh"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 8 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2465005 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 13:
}}
 
Sráidbhaile in Éirinn is ea '''An Buailtín''' nó '''Baile an Fheirtéaraigh'''. Tá sé suite in iardheisceart na tíre, in iarthar [[Corca Dhuibhne|Chorca Dhubihne]] i n[[Gaeltacht]] [[Contae Chiarraí|Chontae Chiarraí]].
 
== Ainm ==
Tugtar ''Baile an Fheirtéaraigh'' air in ómós do na Feirtéaraigh, Gael-Normannaigh a chuir fúthu in [[Ard na Caithne]] agus na [[meánaois]]eanna ag druidim chun deiridh. Tá clú agus cáil ar an bhfile [[Piaras Feiritéar]] fós. Scríobh sé an dán ''Leig díot t’airm, a mhacoimh mná''. Chuir na Gaill Feiritéar chun báis go fealltach i g[[Cill Airne]] sa bhliain 1653. Tá an t-ainm ''An Buailtín'' níos sine agus usáídtear sa cheantar é fós.
 
== Suíomh ==
Tá an sráidbhaile suite i ngar do [[Cruach Mhárthain|Chruach Mhárthain]] (cnoc gar do Chuan Ard na Caithne) i gCorca Dhuibhne, ar an mbóthar réigiúnach R559. Is féidir taistil timpeall iarthair na leithinse ar an mbóthar seo. Tá tús agus deireadh an bhóthair suite i mbaile [[Daingean Uí Chúis|an Daingin]]. Tá Baile an Fheirtéaraigh, ar an R559, Cuaird Cheann Sléibhe, agus is é seo an lonnaíocht is mó taobh thiar de bhaile an Daingin, atá thart ar 10 ciliméadar uaidh. Tá an Buailtín suite ag bun Chruach Mhárthain, agus éiríonn an tír oscailte agus íseal ar thaobh na farraige den bhóthar ar an taobh ó thuaidh. Ar feadh na mbealaí isteach go dtí an baile is iomaí radharc breá atá le fáil ar Chuan Ard na Caithne, ar an Triúr Deirféaracha thoir, agus ar Cheann Sibéal thiar.
 
== An baile ==
Ionad seirbhísí don cheantar tuaithe máguaird is ea an sráidbhaile, agus is stad tábhachtach do thurasóirí é ar Chuaird Cheann Sléibhe. Tá réimse leathan d'áiseanna agus de sheirbhísí ar fáil i mBaile an Fheirtéaraigh. Is le linn shéasúr na turasóireachta amháin atá cuid mhaith de na seirbhísí agus na háiseanna agus na seirbhísí seo ar oscailt, áfach. Tá tithe tábhairne ann sa sráidbhaile; (mar shampla Tigh Uí Chatháin, Tigh Uí Mhurchú, Tigh an tSaorsaigh) agus óstán amháin, Óstán Cheann Sibéal. Tá naíonra, bunscoil (Scoil an Fheirtéaraigh), séipéal (Naomh Uinseann), iarsmalann (Músaem Chorca Dhuibhne), caifé agus siopa ceardaíochta agus stáisiún na ngardaí ann freisin, chomh maith le hoifigí forbartha logánta atá pobalbhunaithe
(Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teoranta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo - ceann d’fhochomhlachtaí Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne is ea Oidhreacht Chorca Dhuibhne<ref>http://www.cfcd.ie/oidhreacht/</ref>). Tá roinnt tithe lóistín (Leaba is Bricfeasta) agus forbairtí tithe saoire i mBaile an Fheirtéaraigh agus sa cheantar máguaird. Tá an t-aon siopa ar an sráidbhaile suite tamall siar an bóthar ón sráidbhaile. Is iomaí scoláire a thagann go dtí an sráidbhaile le linn an tsamhraidh chun freastal ar chúrsaí Gaeilge ag an mbunscoil. Tá tigh ag [[Coláiste na hOllscoile, Corcaigh]] sa sráidbhaile dá mhic léinn. Dún Chíomháin is ainm dó agus tá sé suite taobh ó thuaidh de Bhaile an Fheirtéaraigh.
 
Is féidir carranna a pháirceáil os comhair na scoile, agus ar dhá thaobh na sráide. Faoi láthair tá soláthar maith soir siar do choisithe ar an taobh thuaidh agus ar
Líne 29:
 
== Daonra ==
Tá Baile an Fheirtéaraigh suite laistigh de na toghranna ceantair Dún Urlann agus Márthain. Tá daonra na dtoghranna seo tar éis méadú de bheagán ó 1996, bliain a raibh daonra de 599 duine iontu, go dtí 665 sa bhliain 2002 agus 727 sa bhliain 2006. Úsáideann thart ar 70 nó 75% de mhuintir an cheantair [[an Ghaelainn]] go laethúil de réir an daonáirimh.
 
Ba í an talmhaíocht an fhoinse fostaíochta ar leith ba mhó i dToghranna Ceantair Dhún Urlainn agus i Márthain tráth, ach anois fágann tionscal na déantúsaíochta an talmhaíocht sa dara háit. I rith shéasúr na turasóireachta bíonn earnálacha na
Líne 35:
 
== Stair ==
Tá [[Dún an Óir]] suite idir An Buailtín agus [[Cuan Ard na Caithne]]. [[Dún ceann tíre]] a tógadh i rith na h[[Iarannaois]]e is ea é. Is ann a tharla Ár Ard na Caithne le linn léigir Ard na Caithne. Rinne fórsáí [[Arthur Grey]] sléacht ar na hIodálaigh agus na Spáinnigh a tháinig go [[Cúige Mumhan]] chun páirt a ghlacadh sa dara hÉirí Amach i nDeasumhain, a bhí ar siúl ag an am sin faoi cheannas [[Shéamais Mhic Mhuiris Mhic Gearailt]].
 
D’fhás Baile an Fheirtéaraigh go líneach soir-siar ar feadh an R559. Tá sráid-dreach láidir thaitneamhach i gcroí Bhaile an Fheirtéaraigh ar an taobh thiar, ach baineann carachtar nios scaipthe leis an mbealach isteach sa sráidbhaile ón taobh thoir. Is léir gur mhéadaigh an tithíocht Rialtais Áitiúil a tugadh le déanaí an sráid-dreach ar an taobh thoir, ach blas bruachbhailteach atá ar an bhforbairt tithíochta ag Na Cluainte le déanaí. Tá forbairt ribíneach tar éis tarlú ar feadh na mbóithre isteach chun Bhaile an Fheirtéaraigh, agus ar an taobh ó dheas den bhóthar i dtreo Dhún Chaoin don chuid is mó. Tá roinnt forbartha tar éis tarlú ar an mbóthar go Baile an Fhianaig, thar an séipéal, ach tá sé i gceist go mbeadh srian le tuilleadh forbartha ar feadh an
bhóthair seo, mar gheall ar leithead agus ailíniú an bhóthair, agus mar gheall ar airde na dtailte san áit seo.
 
Líne 47:
 
== Rásaí Bhéal Bán ==
Bíonn na rásaí seo ar siúl ar an tráigh i ngar do Bhaile an Fheirtéaraigh i mí na Bealtaine.<ref>http://www.obaircorcadhuibhne.ie/nuacht/index.html</ref>
 
== Tagairtí ==