An difríocht idir athruithe ar: "Barack Obama"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 22:
Is é '''Barack Hussein Obama II''' ([[4 Lúnasa]], [[1961]] a rugadh é) 44ú [[Uachtarán na Stát Aontaithe|hUachtarán na Stát Aontaithe]], agus is é an t-uachtarán reatha chomh maith. Tháinig sé i gcomharbacht ar [[George W. Bush]] sa bhliain [[2009]]. Is é Obama an t-aon duine gorm a toghadh mar Uachtarán agus ba é an t-aon seanadóir gorm sa Seanad sa téarma faoi dheireadh agus an cúigiú Seanadóir gorm i stair [[Na Stáit Aontaithe|Mheiriceá]].<ref>{{cite news|url=http://news.bbc.co.uk/2/hi/americas/3936013.stm|teideal=BBC News - Profile: Barack Obama|foilsitheoir=[[BBC]]}}</ref> Ar an 9 Deireadh Fómhair 2009, bronnadh [[Duais Nobel na Síochána]] air.
 
== A chéad óige ==
Saolaíodh Barack Obama sa bhliain 1961 in [[Honolulu]], [[Haváí]], agus é ar an chéad uachtarán a tháinig chun saoil ar an oileán siúd. Eacnamaí ón [[An Chéinia|Chéinia]] ó dhúchas i bhí ina athair Barack Obama sinsear agus antraipeolaí Mheiriceánach a bhí ina mháthair Stanley Ann Dunham. Chuir an bheirt aithne ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar na Rúisise ag Ollscoil Haváí thiar sa bhliain 1960. Phós siad in [[Maui]] ar an 2 Feabhra 1961 ach níorbh fhada go raibh a mac breithe ná gur bhog a mháthair soir go Meiriceá chun freastal ar Ollscoil Washington in [[Seattle]] ar feadh bliain amháin, agus a mac óg in éineacht léi. Agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag Barack sinsear in Haváí, bronnadh scoláireacht air chun cur lena chuid oideachais in Ollscoil Harvard. Críochnaíodh an pósadh le colscaradh sa bhliain 1964. D'fhill Barack sinsear ar a thír dhúchais sa bhliain chéanna, áit inar phós sé in athuair. Níor thug sé riamh ach aon chuairt amháin ar a mhac agus é ag éirí aníos ar Haváí agus cailleadh i dtimpiste bhóthair é sa bhliain 1984.
 
Líne 33:
=== Feachtas sa toghchán uachtaránachta ===
[[Íomhá:Barack Obama at NH.jpg|right|220px|thumb|Obama ag obair ar a chéad fheachtas, i New Hampshire, 2008]]
Dúirt Obama go mbeadh sé ina iarrthóir don Uachtaránacht ar 10 Feabhra 2007. Ar 3 Eanáir 2008 bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in [[Iowa]], le 38% den vóta, 8% níos mó ná [[John Edwards]] agus [[Hillary Clinton]] sa dara agus tríú háit. Thug an bua móiminteam dó, ach chaill sé ar 8 Eanáir i [[New Hampshire]]. Bhuaigh Clinton [[Nevada]] agus Obama [[Carolina Theas]] tár éis seo. Roinn siad na vótaí ar 6 Feabhra ach bhuaigh Obama 11 toghchán stáit as a chéile ina dhiaidh sin. Bhí an bua ag Obama faoi 3 Meitheamh. Ba iad Obama agus [[John McCain]], rogha an [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Phoblachtaigh]], na hiarrthóirí is mó sa toghchán ginearálta. Roghnaigh Obama [[Joe Biden]] mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an [[Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe|Leas-Uachtaráin]].
 
=== Toghchán 2008 ===
Líne 42:
 
== Saol pearsanta ==
Tá dhá leabhar mór-ráchairte scríofa aige, ''Dreams of my Father'', faoina óige, agus ''The Audacity of Hope'', faoina smaointí féin maidir leis an bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe. Phós sé sa bhliain 1992 agus tá beirt iníon aige.
 
== Tagairtí ==