An difríocht idir athruithe ar: "Béaloideas"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 86 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q36192 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
Is éard is '''Béaloideas''' ann ná cultúr dúchasach na ndaoine. Tuigtear go hiondúil (ní ga gurb é an ceart é) gurb ionann é agus litríocht bhéil go traidisiúnta, .i. scéalta a insítear ó bhéal seachas scéalta scríofa. Is tuiscint i seo atá as dáta inniu san aonú aois is fiche. Is ionann béaloideas agus cultúr anois nach mór. Tá níos mo i gceist le béaloideas ná scéalta, baineann sé le iompar, le deasghnátha agus le siombalachas sa chultúr coitinn ar domhan.
 
Thug Sasanach William Thoms 'folklore' ar a leithéid thiar sa bhliain 1846. Bhí a leithéid ann cheana i dteangacha eile san Eoraip. Tagann an focal as an dá fhocal ''[[béal]]'' agus ''[[oideas]]'', a chiallaíonn "eagna" nó "oideachas". Tá an téarma in úsáid ón seachtú céad déag ar a laghad. B'é an seanchaí leannta [[Seathrún Céitinn]] a bhain úsáid as sa saothar cáiliúil de chuid ''[[Foras Feasa ar Éirínn]]''. Nuair a chum William Thoms an focal Béarla "folk-lore" sa bhliain 1846 thosaíodh ar an bhfocal béaloideas a thagairt don téarma sa Bhéarla. Tuigeann an chuid is mo de na daoine nach 'piseoga' amháin ata ann ach tuiscintí eile ar an saol a bhí i measc na sinsear le tamall maith de bhlianta.
 
Sin ábhar an léinn a dtugtar 'béaloideas' sa Ghaeilge air sa lá ata inniu ann. Ní coincheap Éireannach é in aon chor ach coincheap domhanda, tá ceangal aige le heolas na ngnáthdhaoine, saineolas ach eolas éigin. Teann sé siar go dtí tosach an léinn ach ní leagan lag den scoláireacht e ach leagan eile. Bíonn sé faoin duine aonair cinneadh a dhéanamh. Seachnaíonn roinnt daltaí na bríonna ata ag an gcultúr dúchais toisc gur athraíodh cuid mhór iad o thosach na hathbheochana in Éirinn sa bhfichiú haois. An 'athbheochaint' a bhí ann ná aththuiscint a bhí in oiriúint do thuiscintí nua-aoiseacha meánaicmeacha. Ba cheart do mhic léinn tamall a thógáil chun an scéal seo a mheabhrú i gceart.