An difríocht idir athruithe ar: "Béiriút"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 121 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q3820 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 27:
Ní hamháin muintir na Liobáine ó dhúchas a chuir le daonra na cathrach ach dhá ghluaiseacht mhór teifeach fosta: na hAirméanaigh a theith ó shléachtanna na nOtamánach sa bhliain 1915 agus a chuir faoi i dtuaisceart na cathrach, ag Burj Hammoud, agus na Palaistínigh a díbríodh óna n-áiteanna dúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948 agus a chuir faoi i roinnt campaí ar a n-áiríodh Burj al-Barajneh, Karantina, Tell az-Zaatar, Sabra agus Chatila.
 
D'imir [[Cogadh Cathartha na Liobáine]] scrios ar chuid mhaith de Bhéiriút. Sa chogadh sin throid mílístí Críostaí i gcoinne mílístí Moslamacha agus forsaí armtha Palaistíneacha; ghlac an tSiria agus Iosrael páirt sa chogadh fosta. D'éirigh leis na fórsaí Críostaí smacht a chur ar oirthear na cathrach, agus bhí na Palaistínigh agus fórsaí an Ghluaiseachta Náisiúnaigh Liobánaigh i gceannas ar an taobh ó thiar. Scriosadh an chuid ba mhó de shean-lár na cathrach, a bhí suite ar an bhfronta idir an dá leath. Mhair an cogadh ó 1975 go 1990. Tosaíodh ar atógáil na cathrach ina dhiaidh, le hairgead an bhilliúnaí [[Rafik Hariri]], a bhí ina phríomhaire freisin. Sa phróiséas sin, leagadh a raibh fágtha de sheanfhoirgintí chroílár Bhéiriút agus bhí conspóid ann maidir leis an bhealach a cúitíodh na hiar-áitritheoirí.
 
D'fhulaing an chathair ruathair bhuamála Iosraelacha i mí Iúil agus i mí Lúnasa [[2006]] agus iad siúd ag iarraidh an ruaig a chur ar fhórsaí [[Hisbollah]] i ndeisceart na Liobáine. Rinneadh ionsaí ar aerfort Rafik Hariri ar an [[13ú Iúil]] agus dúnadh é go deireadh na comhraice.