An difríocht idir athruithe ar: "CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 32:
 
== Stair ==
Bunaíodh an club faoin ainm ''Baile Bricín'' sa bhliain 1885 agus d'imríodar i gcomórtaisí a bhí á eagrú ag clubanna ar nós [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|An Bóthar]], [[CLG Saor Theas|Saor Theas]], [[CLG Pailís na Gréine|Pailís na Gréine]] agus [[CLG Áth an Mhuilinn (Luimneach)|Cill Mhuire]] le linn blianta deiridh na 1880í. Ach ós rud é go raibh na ceithre chlub iomána ba láidre sa chontae ag an am, Saor Theas, [[CLG Cathair Laighin|Cathair Laighin]], [[CLG Máigh Rua/An Bóthar|An Bóthar]] agus Máigh Rua, suite ar imeall pharóiste Baile Bricín/An Bóthar Mór, ní rabhadar ro-ghníomhach le linn blianta na 1890í agus is cosúil nár ghlacadar páirt i g[[Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Iomána an Chontae]] roimh thús an 20ú aois. Is é tuairisc ó Mhí Bhealtaine na bliana 1903 faoi chluiche idir [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Greanach]] agus Baile Bricín i gComórtas Iomána [[CLG Brú na Déise|Bhrú na Déise]] an tagairt scríofa is sine don chlub atá ar fáil fós.
 
Tháinig an chéad chorn go dti an paróiste sa bhliain 1912 nuair a ghabh Baile Bricín Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh. Níor imríodh an grád sin idir na blianta 1914 agus 1928 ach d’éirigh le Baile Bricín arís sa bhliain 1919 nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chuig an bparóiste don chéad uair.
Líne 44:
Socraíodh ar ainm an chluib a athrú go ''Baile Bricín/An Bóthar Mór'' sa bhliain 2008 chun an dá thaobh den pharóiste a athaint.
 
== Páirc Imeartha ==
D’imir an club a chuid cluichí i bpáirc an phobail in aice Scoil Náisiúnta Chathair Éile go dtí gur osclaíodh a pháirc imeartha féin trasna an bhóthair uaithi sa bhliain [[2008]].
 
Líne 51:
 
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.geocities.com/ballybrickengaa/ Ballybricken-Bohermore GAA Club (Béarla)]
* [http://limerick.gaa.ie/ Limerick GAA (Béarla)]