An difríocht idir athruithe ar: "CLG Cnoc an Doire (Luimneach)"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 44:
Ba chlub iomána sinsear é Cnoc an Doire idir na blianta 1948 agus 1952 ach ní raibh a dhóthain imreoirí acu chun fanacht i bhfad sa phríomghrád. I ndiaidh dóibh filleadh ar an ngrád sóisear, thosnaigh a gcomharsanna [[CLG Fíonach/Cill Mhíde|Fíonach/Cill Mhíde]], [[CLG Greanach/Baile an Gharrdha|Greanach Baile an Gharrdha]] agus [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Caisleán Nua Thiar]] ag teacht chun chinn, mhealladar imreoirí ó Chnoc an Doire agus thit an club as a chéile sna grádanna fásta idir na blianta 1959 agus 1964. Idir an dá linn, bhí an obair á dhéanamh acu sna grádanna óga agus, i ndiaidh dóibh filleadh ar an iomáint sóisear, bhuadar Craobh Iarthair na bliana 1967.
Toisc go raibh fóirne iomána láidre ar nós
Ós rud é go raibh an béim dírithe i gcónaí ar an iomáint, cuireadh iarracht isteach sa pheil ach amháin sna blianta sin inar bhuadh ar an bhfoireann iomána go luath sa samhradh. D’éirigh leo ó am go ham i gCraobh Peile Sóisear B an Iarthair agus bhí foireann sách-láidir ag Cnoc an Doire le linn blianta na 1990í. Chailleadar cluiche ceannais Craobh Sóisear B an Chontae na bliana 1998 i ndiaidh athimirt i gcoinne [[CLG Áth Dara|Áth Dara]] ach, nuair a thángadar ar ais sa bhliain dár gcionn, bhuadar ar [[CLG Baile Bricín/An Bóthar Mór|Bhaile Bricín]] chun an teideal a ghabháil. D’imríodar sa ghrád sóisear A ar feadh roinnt blianta agus, i ndiaidh dóibh titim ar ais go dti an bunghrád, bhuaigh [[CLG Cnoc Áine|Cnoc Áine]] orthu i cluiche ceannais an chontae sa bhliain 2005.
|