An difríocht idir athruithe ar: "Cailciam"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 121 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q706 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 10:
}}
 
Is é an [[cailciam]] [[dúil cheimiceach]] [[uimhir adamhach|uimhir]] 20. Is é an t[[siombail cheimiceach]] a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Ca. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é, agus mar sin, is miotal réasúnta bog é - níl sé chomh bog leis an luaidh, ach is féidir é a ghearradh le scian. Tá sé ar an gcúigiú dúil is líonmhaire i screamh an Domhain, de réir na maise. Tá an cailciam ar an gcúigiú hian is coitianta dá bhfuil tuaslagtha in uisce na bhfarraigí, de réir na mólarachta agus na maise i ndiaidh an t[[sóidiam]] Na<sup>+</sup>, na [[clóiríd]]e Cl<sup>-</sup>, an [[maignéisiam|mhaignéisiam]] Mg<sup>2+</sup> agus na [[sulfáit]]e SO<sub>4</sub><sup>2-</sup>.
 
Riachtanas é an cailciam (nó an t-ian cailciam Ca<sup>2+</sup>) do na beothaigh, go háirithe i bhfiseolaíocht na gceall, nó nuair a bhíonn na hiain chailciam ag bogadh isteach nó amach as cíteaplasma na cille, is comhartha tábhachtach é dá lán de na próisis a bhíonn ar siúl sa chill. Cailciam atá i gcuid mhaith de na cnámha freisin.
Líne 22:
Tá ceithre iseatóp cobhsaí ag an gcailciam, mar atá, cailciam 40 (96.941 % de chailciam an dúlra), cailciam a 42 (0.647 %), cailciam a 43 (0.135 %), agus cailciam a 44 (2.086 %). Thairis sin, tá dhá iseatóp nádúrtha radaighníomhacha ann, agus iad chomh fadsaolach is gur féidir neamhshuim a dhéanamh den radaighníomhaíocht sin: cailciam a 46 (0.004 %) agus cailciam a 48 (0.187 %). Tá iarsmaí de chailciam a 41 sa dúlra freisin. Is iseatóp cosmaigineach é, is é sin, is í an radaíocht chosmach (an radaíocht ón spás) a chruthaíonn é: nuair a bhuaileann na neodróin ón spás faoi núicléis chailciam 40, faightear cailciam a 41. Iseatóp radaighníomhach é, agus é 103,000 bliain ar leathré.
 
Tá fiche neodrón agus fiche prótón i núicléas chailciam 40, agus is í an núiclíd chobhsaí is troime a bhfuil an líon céanna neodrón agus prótón inti.
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcailciam sa chuid is mó de na comhdhúile ná +2, cé gur tháinig na ceimiceoirí ar chúpla comhdhúil ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin +1 aige. Salainn nó comhdhúile ianacha iad na comhdhúile cailciam, agus bíonn úsáid phraiticiúil iontu go minic.
Líne 34:
Cuid nádúrtha den cholainn daonna iad na hiain chailciam, agus mar sin, is ar éigean is féidir bás a fháil le nimhiú cailciam. Is iad na clocha duáin an priacal is mó a théann le ródháileog chailciam, ach is féidir do na clocha sin cliseadh na nduán a tharraingt ina ndiaidh má fhásann siad rómhór.
 
Scéal eile go bhfuil an miotal cailciam féin dainséarach go leor, agus an claonadh chun imoibriúcháin atá ann. Má théann an cailciam i dteagmháil leis na comhdhúile bithcheimiceacha íogaire i gcolainn an duine, cuirfidh sé ó mhaith iad go hiomlán, nó gallúnóidh sé an tsaill agus leachtóidh sé na próitéiní. (Le fírinne baintear úsáid as an miotal cailciam le draenacha a oscailt ar an gcúis chéanna: leachtóidh sé na ruainní gruaige a bhíonn ag blocáil draenacha.) Má shlogtar miotal cailciam, déanfaidh sé dochar tromchúiseach don bhéal, don éasafagas agus don ghoile, agus is minic nach bhfuil an dochar sin inleigheasta ar aon nós.
 
 
 
[[Catagóir:Cailciam]]