An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó hEochaidh"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 21 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q333735 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 19:
 
== Luathshaol ==
Bhog a chlann go dtí [[Baile Átha Cliath]], agus d'fhreastal sé ar Scoil Naomh Iosaef (na [[Bráithre Críostaí]]) in éineacht lena choimhlinteoir i bhFianna Fáil, [[Seoirse Ó Colla]]. Bhain sé céim amach sa chuntasaíocht ó [[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath|Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]]. Cháiligh sé mar [[abhcóide]] ina dhiaidh sin.
 
== Luathshaol Polaitíochta ==
Phós sé Maureen Lemass i [[1951]]. B'iníon í seo le [[Seán F. Lemass]], a bhí ina Thaoiseach ag an am. Toghadh go [[Dáil Éireann|Dháil]] é don chéad uair sa bhliain [[1957]].
 
== Triail na n-Arm ==
Ag deireadh na seascaidí, bhris foréigean amach i d[[Tuaisceart na hÉireann]]. Bhí Ó hEochaidh ina [[Aire Dlí]] i gcaibinéad [[Seán Ó Loingsigh|Sheáin Uí Loingsigh]] ag an am. Ní fhacathas Ó hEochaidh mar taobhaitheoir leis an bhfeachtas foréigin ó thuaidh agus mar sin, bhí ionadh ann nuair a sacáladh Ó hEochaidh agus [[Niall Blaney]] ón gcaibinéad mar gheall ar líomhaintí gur úsáideadh airgead Stáit le airm a iompórtáil don [[IRA]]. Tógadh an bheirt chun triail in éineacht leis an gCaptaein [[James Kelly]], agus fear gnó ón m[[An Bheilg|Beilg]] darbh ainm [[Albert Luykx]]. Éigiontaíodh an ceathrar agus ceapadh go raibh saol polaitíochta Uí Eochaidh thart. Chaith sé roinnt blianta ar na cúlbhinsí ag iarraidh tacaíocht a ghineadh dó féin ón mbonn aníos.
 
== Tréimhsí mar Thaoiseach ==
D'éirí Jack Lynch as mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhianna Fáil sa bhliain 1979. Toghadh Ó hEochaidh i gcomharbacht air nuair a bhuaigh sé comórtas don cheannaireacht i gcoinne [[Seoirse Ó Colla]] a bhí ina [[Tánaiste|Thánaiste]] ag an am. Chaith sé ceithre théarma mar Thaoiseach - (1979-[[1981]]; [[1982]] ([[Feabhra]]-[[Samhain]]); [[1987]]-[[1989]]; [[1989]]-[[1992]]).
 
== Conspóid ==
D'éirigh sé as an bpolaitíocht i [[1992]] mar gheall ar ábhair chonspóideacha a tháinig chun solais. Bhí an chonspóid mar chuid lárnach dá shaol, go háirithe tar éis dó éirí as. D'ardaíodh roinnt ceisteanna thar na blianta maidir le foinse maoinithe a shaol rachmasach. Tháinig sé chun solais i m[[Bínse Fiosruithe McCracken]] agus i m[[Binse Fiosruithe Uí Mhuircheartaigh]] go raibh ard-chaimiléireacht ar bun ag Ó Eochaidh trí íocaíochtaí neamh-fhógartha a bhfuair sé ó lucht ghnó na tíre a phróiseáil i gcuntais thar sáile chomh maith le mí-úsáid a bhain sé as cuntas costaisí an Taoisigh.
 
== Bás ==