An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q5052076 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
[[Íomhá:Dúnmharbhú.jpg|deas|mion|150px|''Eachtraí Réics Carló'', Uimh. a Ceathair: ''Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh'' ([[1944]])]]Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na [[Bráithre Críostaí]]. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa Ghaeilge agus cuireadh chun na [[Gaeltacht]]a é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, ''Our Boys'', agus sé bliana déag aige. Chuaigh sé isteach san [[An tAerchór|Aerchór]] tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar [[státseirbhís]]each. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta ''[[Inniu]]'' agus gníomhach i n[[Glúin na Buaidhe]].
 
Foilsíodh a chéad leabhar do pháistí, ''Tríocha Píosa Airgid'', sa bhliain [[1942]], agus thosaigh sé ar shraith de scéalta bleachtaireachta le ''Na Mairbh a d'Fhill'' an bhliain a bhí chugainn. Tuairim is céad leabhar a scríobh sé faoin mbleachtaire [[Réics Carló]] agus bhí díol an-mhór orthu ar feadh breis agus fiche bliain. Bhí sraitheanna eile aige freisin, faoi shirriam in [[An tIarthar Fiáin|Iarthar Fiáin Mheiriceá]], Réamonn Óg, an spástaistealaí an Captaen Spéirling agus laochra eile. D'éirigh sé as a phost sa bhliain [[1953]] agus chuaigh leis an scríbhneoireacht go lánaimseartha, an t-aon scríbhneoir Gaeilge dáiríre ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Ach tar éis deich mbliana den sclábhaíocht a bhain leis sin chuaigh sé ar ais sa státseirbhís ina oifigeach custaim. Fuair sé bás an [[18 Feabhra]], [[1996]]. Scríobh sé úrscéal Béarla ''Bullets are Trumps'' sa tsraith i dtaobh [[Sexton Blake]], bleachtaire.
 
Bhí sé pósta ar Mháire McGeown as [[Ard Mhacha]] agus bhí ceathrar clainne acu.