An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 27:
Bhí sé i bhfad ní ba tromchúisí, mar ábhar míshástachta, ná nach mbeadh in Éirinn ach [[tiarnas]], in áit fíor-[[Poblacht|Phoblachta]]. Is é sin, bheadh [[Rí Shasana]] ina cheann stáit ar Éirinn, ó thaobh na ndeasghnáth de, agus chaithfeadh feisirí na parlaiminte nua móid dílseachta a thabhairt dó. Is iomaí duine acu siúd a bhí tar éis troid a chur ar mhaith le saoirse na tíre a bhí den tuairim nach mbeadh ann ach an tseandaoirse Ghallda faoi cheilt.
 
[[FileÍomhá:Michael Collins 1922.jpg|thumb|left|upright|Mícheál Ó Coileáin, ceannaire na Saorstátairí. Nuair a shínigh sé an Conradh, dúirt sé go raibh barántas a bháis féin sínithe aige. Tháinig an tairngreacht seo isteach fíor nuair a feallmharaíodh i m[[Béal na mBláth]] é.]]
Mar sin, bhí cuid de na hÓglaigh agus de na náisiúnaithe eile den bharúil gur feillbheart ab ea é síniú an Chonartha. Nuair a d'fhill toscaireacht na síochána abhaile ó Shasana, rinneadh iarracht iad a fhuadach nó a ionsaí.
 
Líne 80:
 
=== An Cogadh faoin Tuath ===
[[FileÍomhá:Armoured Car, Passage West, Cork (6652701421).jpg|thumb|Carr armúrtha i gContae Chorcaí i rith an chogaidh]]
Bhí na cathracha gafa ag an Saorstát anois, ach ina dhiaidh sin féin, bhí na frith-Chonraitheoirí ar fud na tuaithe i gcuid nár bheag den tír, agus iad ag cur treallchogaíochta. Bhí trúpaí frith-Chonartha in ann an-troid a chur in Iarthar Chontae Chorcaí agus Chontae Chiarraí, chomh maith le [[Contae Phort Láirge]], Contae Mhaigh Eo agus [[Contae Shligigh]]. Cuireadh cathanna timpeall ar [[Dún Dealgan|Dhún Dealgan]] fosta, agus [[Proinsias Mac Aodhagáin]] i gceannas ar na Poblachtánaigh ansin. Ar dtús, b'fhearr leis an Aodhagánach fanacht neodrach i leith an dá thaobh sa chogadh, ach nuair a chaith na Saorstátairí i dtóin an phríosúin i n[[Dún Dealgan]] é, d'éalaigh sé agus a chuid fear as an ngéibheann agus d'imir siad díoltas ar na Státairí, agus iad ag cur treallchogaíochta orthu in aice leis an teorainn nua idir an Saorstát agus na Sé Chontae.
 
Líne 123:
Mar is dual do gach cogadh cathartha, d'fhág Cogadh na gCarad in Éirinn goimh fhadsaolach ina dhiaidh, agus má tháinig cneasú thar an ngoimh sin, ní leigheas iomlán a bhí ann. Inniu féin, is iad Fianna Fáil agus Fine Gael an dá pháirtí is cumhachtaí sa tír, is é sin, an dá pháirtí a sheasann do dhá thaobh an chogaidh seo. Go dtí na seachtóidí, ní raibh polaiteoir sinsearach le fáil in Éirinn nach mbeadh ina chrannlaoch de chuid an Chogaidh Chathartha, rud a d'fhág cuid mhaith drochfhola idir an dá pháirtí is mó. Seansaighdiúirí de chuid na bPoblachtánach ab ea iad Éamon de Valera, Proinsias Mac Aodhagáin, [[Críostóir Stiofán Mac Aindreasa]], agus Seán Lemass, agus ba Saorstátairí iad Liam Tomás Mac Cosgair, Risteard Ó Maolchatha, agus Caoimhín Ó hUiginn. Thairis sin, chuaigh cuid mhór de shliocht na bhfear seo agus de shliocht a sleachta leis an bpolaitíocht, rud a choinnigh an tseanghoimh beo. Sna tríochaidí, i ndiaidh d'Fhianna Fáil na toghcháin a bhaint an chéad uair, bhí an chuma ar an scéal ar feadh tamaill go raibh an cogadh cathartha le pléascadh amach arís, agus na [[Léinte Gorma]], eagraíocht armtha de chuid na Saorstátairí, ag siúl na sráideanna. Ar ámharaí an tsaoil, maolaíodh ar an ngéarchéim de réir a chéile. Nuair a tháinig na caogaidí, bhí sé sábháilte a rá gur fhág an gunna an pholaitíocht ar an taobh theas den [[An Teorainn|teorainn]].
 
== Tagairtí ==
{{commonscat|Irish Civil War|Cogadh Cathartha na hÉireann}}
{{reflist}}