An difríocht idir athruithe ar: "Contae Ros Comáin"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 8:
cúige=[[Cúige Chonnacht|Connachta]]|
}}
I gCúige Chonnacht atá '''Contae Ros Comáin''', agus é ainmnithe as Comán, a thóg mainistir san áit ina bhfuil baile Ros Comáin anois. Bhí na daoine go hainnis ann le linn [[An Gorta Mór|an Drochshaoil]] (1845-1848), rud a léirítear i Músaem an Ghorta i d[[Béal na mBuillí|Teach Bhéal na mBuillí]].<ref>http://www.strokestownpark.ie/famine-museum</ref>
 
Is é an t-aon chontae amháin i gCúige Chonnacht é nach bhfuil béal na farraige isteach ann. Is díol spéise é [[Baile Átha Luain]], áit atá suite ar bhruach [[Sionainn|na Sionnaine]], sa mhéid go bhfuil sé le fáil i lár baill na tíre, agus é i gContae Ros Comáin agus i gContae na hIarmhí araon. Tá an contae ag críochtantacht le Contae na Gaillimhe, le Contae Mhuigh Eo, le Contae Shligigh agus le Contae Liatroma i gCúige Connacht, agus (lastall den tSionainn) le Contae Uíbh Fhailí, le Contae Iarmhí agus le Contae Longfoirt i gCúige Laighean.
 
Tá baint ag an gcontae leis na scéalta is sine in Éirinn: níl aon sráidbhaile is gaire do Ráth Cruacháin, baile na Bainríona Méibhe agus ríthe Chonnacht, ná Tuilsce. Tá cuid den dúlra is ársa sa tír le fáil ar an dá oileán is tríocha i [[Loch Cé]] i Ros Comáin Thuaidh.
Sa chontae seo a rugadh [[Dubhghlas de hÍde]] (1860-1949), bunaitheoir Chonradh na Gaeilge, agus an chéad [[Uachtarán na hÉireann|Uachtarán]] ar Éirinn. Is beag Gaeilge a bhí á labhairt ann agus é ag fás suas ann, agus bhí air dul á lorg. Fear eile de chuid an chontae a thuill clú ba ea Percy French, cumadóir cáiliúil amhrán.
 
== Bailte agus sráidbhailte ==
Líne 40:
* [[Ros Comáin, Barúntacht|Ros Comáin]]
 
== Tíreolaíocht ==
 
* [[Cill Taobháin]], [[Cillibhicin]], [[Ceathrú an Chaisil]], [[An Corrshliabh]], [[Corr an Tobair]], [[Cnoc A'Dailtin]], [[Cnoc A'Chartha]]
* [[Sliabh Bána]], [[Screige]]
 
== Cultúr ==
 
* [[An Bacall Buí]]
Líne 66:
* [http://www.cruachanai.com/ Lárionad Thuilsce do Chuairteoirí]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}