An difríocht idir athruithe ar: "Cro-Magnon"

Content deleted Content added
Ábhar ó Fréamh an Eolais measctha isteach
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
[[Íomhá:Cro-Magnon.jpg|thumb|"An seanfhear bunaidh Crómagnónach", [[Musée de l'Homme]], [[Páras]]]]
[[Íomhá:Silex_cromagnon_noir.jpg|thumb|upright 1.0|<center> Uirlis ó Cro-Magnon</center>]]
Ba iad na '''Cro-Magnon''' na [[duine|daoine]] nua-aimseartha is luaithe (''Homo sapiens sapiens'') de Phailéiliteach Uachtarach na hEorpa. Glactar leo i measc antraipeolaithe mar fhréamhshamhail de Homo sapiens an lae inniu. Tugann meastachán radaiméadrach ar na hiarsmaí is luaithe atá ar eolas againn le fios gur mhair na daoine seo san [[An Eoraip|Eoraip]] 35,000 bliain ó shin, sa [[Pléisticéineach|ré Phléisticéineach]]
 
== Sanasaíocht ==
Ainmnítear na Crómagnónaigh as na pluaiseanna ''Abri de Crô-Magnon'' ([[Fraincis]]: Carraig dídine Chrô-Magnon) in aice leis an común [[Les Eyzies-de-Tayac-Sireuil]] in iardheisceart na [[An Fhrainc|Fraince]], áit a bhfuarthas a gcreatlaigh, chomh maith le huirlisí cloiche agus iarmhair [[Ainmhí|ainmhithe]] artacha atá imithe in éag anois. Daoine arda ab ea iad, sárshealgairí a mhair i bpluaiseanna is scáthláin carraigeacha, ní hamháin in [[iarthar]] na hEorpa ach lár na hEorpa is [[an Rúis]]. D'fhágadar deilbhíní, greanadóireacht agus pictiúir cháiliúla ar bhallaí na bpluaiseanna. Ba iad na Cro-Magnon na daoine ([[Homo sapiens]]) nua-aimseartha is sine ar eolas san [[An Eoraip|Eoraip]], agus ón tús ceanglaíodh iad leis an líníocht phluaise i [[Lascaux]] agus le chultúr Aurignach a d'fhás agus a tháinig i dtreis i nDeisceart na Fraince agus na [[An Ghearmáin|Gearmáine]]. Mar a thángthas ar iarsmaí bhreis daoine nua-aimseartha i láithreáin seandálaíochta in Iarthar na hEorpa agus in áiteanna eile, rinneadh dul chun cinn i dteicníocht dátaithe sa [[20ú haois]], agus cuireadh fionnachtana nua leis an [[tacsanomaíocht]].
 
{{Fréamh an Eolais}}