An difríocht idir athruithe ar: "Cré na Cille"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 21:
Tá de cháil ag an leabhar a bheith fíorchasta, agus is minic go n-áitítear nár thuig muintir Chonamara, muintir Uí Chadhain féin a raibh ann.<ref> Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brain Cleeve, Cló Mercier, 1971. </ref> Bhuaigh an t-úrsceal [[Duais an Oireachtais]] sa bhliain [[1947]] agus roghnaigh [[UNESCO]] go n-aistreofaí an leabhar go mórtheangacha eile na hEorpa, maraon le sárshaothair eile a scríobhadh i dteangacha neamhfhorleathana. Aithníodh beagnach láithreach gur mórleabhar de chuid na Gaeilge a bhí ann. Cé gur bhuaigh sé duais [[Oireachtas na Gaeilge|Oireachtais]], dhiúltaigh [[An Gúm]] glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. Nuair nach raibh an [[Gúm]] sásta déileáil leis, ghlac comhlacht Uí Éigeartaigh, [[Sáirséal agus Dill]], leis agus d’fhoilsigh é ar an [[10 Márta]] [[1950]].
 
== Plota an Leabhair ==
 
De réir leathnaigh thosaigh an leabhair tá an leabhar lonnaithe mar seo a leanas; ''Am, De shíor'' agus ''Láthair, An Chill''.
 
== Na hEadarlúidí ==
 
* Eadarlúid I: An Chré Dhubh
Líne 54:
Is é suíomh an úrscéil ná go gcloistear gutha na marbh ag labhairt ón uaigh, agus iad ag caitheamh anuas ar a chéile agus ag déanamh a mionghearáin díreach chomh suarach le daoine beo. Áitíonn roinnt leirmheastóirí go gcuireann an leabhar réadúlacht dhraíochtúil na scríbhneoirí móra ó [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]] i gcuimhne. Tá greann íorónta ann, dar leo, agus an scríbhneoir ag léiriú an-tuiscint do na difríochtaí stádais idir aicmí éagsúla na sochaí a bhí i bhfeidhm nuair a d'fhás seisean aníos. Go háirithe, is gnách a rá gurbh é an t-úrscéal seo a mhúin do na daoine sa [[Galltacht|Ghalltacht]] go raibh aicmeachas i sochaí na Gaeltachta chomh maith leis an gcuid eile d'Éirinn.
 
== Meas ar an gCadhnach i ngeall ar an leabhar ==
 
Bhí clú ar Mháirtín mar gheall ar a chnuasach gearrscéalta [[An Braon Broghach]], [[1948]] agus chinntigh an t-úrscéal seo aitheantas forleathan dó.
 
== Carachtair ==
 
* Caitríona Pháidín ''Úradhlactha.''
Líne 70:
* Peadar Neil ''Mac le Neil agus Jeaic''
* Meaig Bhriain Mhóir ''Bean Pheadar Neil ''
* Brian Óg ''Mac le Peadar Neil agus Meaig Bhriain Mhóir. Ag dul ina shagart. ''
* Brian Mór ''Athair Mheaig.''
* Tomás Taobh Istigh ''Gaol do Chaitríona agus do Neil. An bheirt ag iomaiocht''
Líne 76:
* Comharsa agus Lucht Aitheantais Eile.
 
== Ealaíon ==
 
[[Charles Lamb]] RHA a rinne na léaráidí de na carachtair mar atá thíos.
Líne 87:
* Neil Pháidín
 
== Eagráin ==
 
* An Chéad Chló [[1949]]
Líne 100:
* Tá aistriúchán iomlán Béarla beartaithe is súil go dtiocfaidh sé amach 2013/14, [[Tim Robinson]] agus [[Liam Mac Con Iomaire]] a d'aistrigh.
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://www.gaelport.com/nuacht?NewsItemID=5317 Alt faoin scannán]