An difríocht idir athruithe ar: "Cáitríona Ní hAodha"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 4:
Rugadh in uimhir 4 Sráid Pádraig, [[Luimneach]] í sa bhliain [[1818]], iníon le máistear bhuíon ceol míleata Art Ó hAodha agus a bhean Máire Ní Chearrbhail, bean aimsire. Baisteadh in Airdeaglais Mhuire agus tógadh suas mar [[Protastúnach|Phrotastúnach]] ([[Eaglais na hÉireann]]) í.
 
Nuair a d'fhág a hathair an teaghlach, b'éigean di tosnú ag obair mar chailín aimsire i dtigh Tiarna Luimnigh i Sráid Annraoi. Nuair a chlois an Dochtúir Knox, Easpag Protastúnach Luimnigh í ag canadh le linn a hoibre, d’íoc sé a costaisí staidéir faoin múinteoir cáiliúil Antonio Sapio i m[[Baile Átha Cliath]].
 
Chan sí go poiblí don chéad uair sa bhliain 1837 i m[[Baile Átha Cliath]] agus aithníodh láithreach go raibh guth thar an ngnáth aici. Seacht mbliain ina dhiaidh sin ba í an Prima Donna in amharclann La Scala i Milano na [[An Iodáil|hIodáile]]. Sa bhliain 1849, chan sí roimh [[Victoria na Ríochta Aontaithe|Bhanríon Victoria Shasana]] agus d’fill sí ar Luimneach an bhliain dár gcionn nuair a ghlac sí an príomh-pháirt i gceoldráma Bellini ''La Somnambula''.