An difríocht idir athruithe ar: "Cóiméad"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
 
[[Íomhá:Comet-Hale-Bopp-29-03-1997.jpeg|thumb|280px|An [[cóiméad Hale-Bopp]] sa bhliian [[1997]]]]
Séard is '''cóiméad''' ann ná coirp beag sa [[Grianchóras|Ghrianchóras]] a fhithsíonn timpeall na [[An Ghrian|Gréine]], fágtha tar éis [[Ollphléasc|na hOllphléisce]] agus comhdhéanta as salachar is [[oighear]] den chuid is mó. Uaireanta bíonn eireaball nó/agus atmaisféir (coma) orthu de bharr éifeacht radaíocht na gréine ar núicléas an chóiméid.
 
Gluaiseann sé i bhfithis thart ar an [[An Ghrian|nGrian]], díreach mar a dhéanann na pláinéid, ach amháin gur fithis fhíoréilipseach atá aige ionas nach dtagann sé gar don [[An Domhan|Domhan]] ach go hannamh. Athraíonn fithis an chóiméid go rialta agus tagann siad ón ngrianchóras amuigh, uaireanta téann na pláinéad móra i bhfeidhm orthu.
Tagann an focal ón n[[Gréigis]] ''komē'', a chiallaíonn "gruaig ón cheann". D'úsáid [[Arastotail]] an téarma ar dtús le chuir síos ar "réalta le gruaig". Tagann an t-siombail réalteolaíocht (ciorcail le eireaball gruaig) do cóiméad ón míniú seo.
 
Tá níos mó ná 100,000 milliún de na reanna seo ann, le trastomhais 1-10 km. Tá na cóiméid le tréimhse an-fhada fithise lonnaithe níos faide amach ná [[Plútón (abhacphláinéad)|Plútón]], i réigiún den spás seachtrach ar a dtugtar ''[[scamall Oort]]'', mar ar bhailigh an smionagar trí [[imtharraingt]] i ndiaidh a gcruthaithe timpeall 4,600 milliún bliain ó shin. Tá na cóiméid le tréimhse timpeall 200 bliain lonnaithe i méadú inmheánach scamall Oort, a dtugtar ''[[crios Kuiper]]'' air. Nuair a thagann cóiméad gar don Ghrian, néalaíonn teasradaíocht na Gréine an t-oighear, agus comhdhéanann an ghal seo is [[deannach]] an ceann geal (cóma) is an t-[[eireaball]] lonrach a fheictear ón Domhan. Nuair a chúlaíonn an cóiméad ón nGrian, bailíonn sé an ghal is an deannach ar ais ina chroíleacán. Scaiptear cóiméid infheicthe amach óna bhfithisí agus isteach sa Ghrianchóras inmheánach uaireanta ag imtharraingt [[Réalta|réaltaí]] is ollscamaill [[Móilín|móilíní]]. Mar shampla, is eol go bhfuil timpeall 50 cóiméad bainteach le [[Iúpatar (pláinéad)|hIúpatar]], a n-aiféilin (a gcianphointí ón nGrian) gar d'[[aiféilean]] Iúpatair agus a bhfithisí athraithe go mór ag imtharraingt Iúpatair. Tá an-spéis ag na réalteolaithe sna cóiméid sin a iniúchadh, mar tá siad comhdhéanta as ábhar céadrata ó bhunús an Ghrianchórais. Idir an dá linn déantar an oiread iniúchta agus is féidir ar na cóiméid a thagann thart. I [[1985]] theagmhaigh [[spásárthach]], an [[Taiscéalaí Idirnáisiúnta Cóiméad]], le cóiméad Giacobini-Zinner, an chéad teagmháil dá leithéid riamh. I [[1986]] theagmhaigh armáid bheag spásárthach ([[Giotto]], Vega 1, Vega 2, Sakigake is Suisei) le cóiméad cáiliúil Halley. I [[2004]] ghabh spásárthach Stardust de chuid [[NASA]] cáithníní ó chóiméad Wild 2, agus d'fhill ar Domhan leo i [[2006]]. I [[2005]] d'iompair spásárthach eile ó NASA, Deep Impact, [[imbhuailteoir]] trom 372 kg agus chuir ar chonair an chóiméid Tempel 1 é, ionas gur imbhuail sé le [[dromchla]] an chóiméid, rud a chaith suas cleitín mór smionagair oighrigh. Ón staidéar le spásárthaigh is teileascóip, is eol anois go mbíonn croíleacán an ghnáthchóiméid roinnt bheag [[ciliméadar]] ar leithead, neamhrialta i gcruth, agus dorcha. Cuimsíonn an deannach sa chóma carbón is sileacáit. Tá fianaise ar mhóilíní orgánacha poiliméaraithe ann. Cuimsíonn na gáis sa chóma [[aonocsaíd charbóin]], [[dé-ocsaíd charbóin]], [[amóinia]], [[meatán]] is [[Hidreacarbón|hidreacarbóin]] eile. Thairg an [[réalteolaí]] Fred Whipple ([[1906]]-2004) gur [[liathróid]] shalach [[sneachta]] a bhí sa chroíleacán, agus dearbhaíodh an [[tuairimíocht]] seo go ginearálta. Is féidir go raibh imbhuailtí cóiméad leis an Domhan suntasach i soláthar ábhar so-ghalaithe is [[orgánach]] don [[Comhshaol|chomhshaol]] céadrata. Chomh maith le himbhuailtí [[astaróideach]], is féidir gur chuir imbhuailtí cóiméadacha le díothú [[speiceas]] ar Domhan freisin.