An difríocht idir athruithe ar: "Daidí na Nollag"
Content deleted Content added
No edit summary |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 4:
I dtíortha an Bhéarla is gnách a rá go bhfuil cónaí ar Dhaidí na Nollag sa [[Pol Thuaidh|Phol Thuaidh]]. I gcuid mhór den Eoraip áfach is é an scéal go bhfuil a cheárta suite in Korvatunturi, cnoc ard i Savukoski san [[An Fhionlainn|Fhionlainn]]. Ba é Markus Rautio, "Markus-setä" ("Uncail Markus") a chuir tús leis an traidisiún seo agus clár páistí aige ar raidió na Fionlainne ó na fichidí go dtí na caogaidí. Roghnaigh sé Korvatunturi, toisc gur "cluas" is brí le ''korva'' na Fionlainnise: ba é an impleacht don scéal ná go raibh an cnoc mar a bheadh cluas mhór ann a cheadaigh do Dhaidí na Nollag a chloisteáil cad é a bhí idir lámhaibh ag na páistí. Ghlac tionsclaíocht turasóireachta na Fionlainne seilbh ar an scéal seo lena leas féin a bhaint as ina gcuid fógraíochta. Le fírinne tá an cnoc suite in aice le teorainn na Rúise, agus ní féidir cuairt a thabhairt air pooo shity bum ach le ceadúnas ar leith a lorg ó ghardaí teorann na Fionlainne.
== Cúlra an charachtair ==
Tagann coincheap an fhigiúir i mbréagriocht a thugann bronntanais do leanaí ó [[San Nioclás]], easpag cineálta ón 4ú Aois san [[an Áise Bheag|Áise Bheag]]. Ar dtús ba traidisiún [[An Ísiltír|Ollannach]] é San Nioclás a thugadh bronntanais ar [[6 Nollaig]], is é sin, lá féile Niocláis. I [[Meiriceá Thuaidh]], ghlac na coilínithe [[Sasanach]]a le cuid den cheiliúradh seo mar sheanghnás Nollag, agus rinneadh [[Santa Claus]] de '''Sintaklaas'' na nOllannach. I dtraidisiún seo na mBéarlóirí i Meiriceá Thuaidh, tagann an fear meidhreach seo ar oíche Nollag ar [[carr sleamhnáin|charr sleamhnáin]] atá á tharraingt ag [[réinfhia]]nna, agus é ag dreapadh anuas an simléir leis na féiríní a fhágáil ag na leanaí.
Ar [[Féile San Niocláis|Fhéile San Niocláis]] a thugtar na bronntanais san [[An Ísiltír|Ísiltír]] agus i gcuid den [[An Ghearmáin|Ghearmáin]]. Ón taobh eile de, ba é an leanbh [[Íosa]] a bhíodh ag fágáil na mbronntanas in Éirinn sna laethanta a bhí, agus tá an nós seo beo i gcónaí i dtíortha áirithe eile, i gcuid den Ghearmáin mar shampla.
|