An difríocht idir athruithe ar: "Dothráicis"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 15:
Faoi Mheán Fómhair 2011, bhí 3,163 fhocal sa teanga, cé nach raibh siad ar fad curtha ar fáil go poiblí faoin am sin. Sa bhliain 2012, tugadh an t-ainm "Khaleesi" (foghraithe chal-Í-saoi, cé gur cruathaíodh an focal le béim ar an gcéad shiolla) do 146 cailíní nuabheirthe i [[SAM]], 'sé sin an téarma Dothráicise do bhean ''khal'' nó ''rialóir'', agus an teideal glactha sa sraith ag an bpríomhcharachtar Danaeras Tairgéirian.
 
== Forbairt ==
 
Chruthaigh Peterson foclóir na Dothráicise i bhfad roimh an athchóirithe. D'fhostaigh HBO Cumann Cruthú Teanga (''Language Creation Society'') chun an teanga a chruthú, agus i ndiaidh próiséas iarratais lena raibh breis is tríocha cumhthóirí teanga bainteach, roghnaiodh David Peterson chun an Dothráicis a chruthú. Sheachaid sé breis is 1700 focal do HBO roimh an scannánú tosaigh. Fuair Peterson inspioráid ó chur síos George R. R. Martin ar an teanga ina leabhair, ach ina theannta sin, ó teangacha ar nós an [[Rúisis]], an [[Eastóinis]], [[Inuktitut|Ionúitis Cheanada]] agus ón [[Svahaílis]].
Bhí David J. Peterson agus forbairt na Dothráicise léirithe ar eipeasóid 8ú Aibreán, 2012 ''The Next List'' de chuid CNN. Lean sé ar aghaidh chun na Teangacha Vailírise a chruthú dón tríú shéasúr in ''Game of Thrones''
 
=== Cosc teanga ===
Bhí dhá phríomh-bhac i bhforbairt na Dothráicise. Ar an gcéad dul síos, bhí ar an teanga aithis díreach a dhéanamh ar na téarmaí cheanna féin curtha le pár sna leabhair. Chomh maith le sin, bhí uirthi foghraíocht simplí nó sofhoghlamtha do na haisteoirí a bheith aici. Bhí tionchar mór acu seo ar ghramadach agus ar fhoghareolaíocht na teanga.
 
== Foghareolaíocht agus rómhánú ==
Deir David Peterson "Tá a fhios agat, is dócha nach bhfuil a fhios ag formhór na ndaoine conas mar a fhuaimnítear an Araibis, mar sin, don té aineolach, b'fhéidir go gcloiseann sí cosúil leis an Araibid. Ach don té a bhfuil aithne aige ar an Araibis, ní chloiseann sí. Táimse den tuairim gur meascán idir an Araibis (gan na faraingeacha sainiúla) agus an Spáinnis, i ngeall ar na consain déadacha."
 
Líne 170:
I gcás sraithe le meascán gutaí, seasann gach aon ghuta do shiolla aonair. Samplaí '''shierak''' {{IPA|[ʃi.e.ˈɾak]}} ''réalta'', '''rhaesh''' {{IPA|[ɾha.ˈeʃ]}} ''tír'', '''khaleesi''' {{IPA|[ˈxa.l̪e.e.si]}} ''banríon''.
 
== Gramadach ==
Is é ainmhí-briathar-cuspóir bun-ord na bhfocal. In abairt ainmhfocail tagann taispeántaigh ar dtús, ach leanann aidiachtaí, frásaí seilbhe agus frásaí réamhfhocail an t-ainmfhocal:
 
Líne 180:
Cé go n-úsáidtear réamhfhocail ar uairibh, baineann an teanga leas as infhillteacha don chuid is mó. Úsáidtear rémíreanna, iarmhíreanna agus cuarmhíreanna. Réimnítear briathra san infinideach, san aimsir chaite, san aimsir láithreach, san aimsir fháistineach, i ndá mhodh ordaitheach agus i ranghabháil (ársa); chomh maith le sin, aontaíonn siad de réir pearsa, uimhir agus polaraíocht. Dealraítear ainmhfhocail i ndá aicme, neamhbheo agus beo. Díchlaontar iad i gcúig tuiseal; an tuiseal ainmneach, an tuiseal áinsíoch, an tuiseal ginideach, an tuiseal olaíoch agus an tuiseal ochslaíoch. Díchlaontar ainmfhocail beo de réir a n-uimhir.
 
== Ord na bhFocal ==
In abairt bunúsach, tagann an tAinmhí (A) i dtosach, ansin tagann an Briathar (B), ansin tagann an Cuspóir (C). Seo sampla:
:'''Khal ahhas arakh.'''
Líne 195:
:''an t-athair an-foréigneach seo agamsa le fuip''
 
== Sampla ==
: '''Nevakhi vekha ha maan: Rekke, m'aresakea norethi fitte.'''
: {{IPA|/ˈn̪evaxi ˈvexa ha maˈan̪ ˈrekːe ˈmaɾesakea ˈn̪oɾeθi ˈfit̪ːe/}}
Líne 201:
: ''Tá áit dó: Ansin, leis na cladhairí le gruaig ghearr.''
 
== Nascanna sheachtracha ==
* [http://dothraki.com/ Blag oifigiúil na Dothráicise]
* [http://dothraki.conlang.org/ Blag LCS faoin teanga]