An difríocht idir athruithe ar: "Dunnstown, Victoria"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q5315623 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 18:
|cód_poist = 3352
|staitistic_eile_teideal = Crios ama
|staitistic_eile= AEST (UTC+10)<br />AEDT (UTC+11)
|líonláithreán =
}}
Líne 27:
 
== Stair ==
Bhain timpeall 5,500 Éireannach [[Port Phillip]] amach idir na blianta 1846 agus 1851. Thaitin Dunnstown lena lán acu toisc go raibh sé i ngar do Bhallarat agus go raibh fáil ar obair, go háirithe nuair a tháinig an bóthar iarainn sna seachtóidí. Chomh maith leis sin, bhí Dunnstown in aice leis an mbóthar idir Ballarat agus [[Melbourne]]. Bhí talamh á dhíol ina mhíreanna beaga ann, rud eile a mheall na hÉireannaigh.
 
Ar dtús bhí an ceantar go léir faoi chrainn. Bhí dhá mhuileann sábhadóireachta in aice le Dunnstown i gcaogaidí an [[19ú haois]], iad ag soláthar adhmaid do na [[mianadóireacht|mianadóirí]] óir timpeall Ballarat, agus búistéirí agus siopaí ann chun freastal ar na hoibrithe foraoise. Dhún na muilinn sna seascaidí agus cuid mhaith den talamh glanta acu, rud a chuaigh ar sochar don fheirmeoireacht agus an ithir chomh méith sin. Sholáthraíodh na feirmeoirí eorna don drioglann nó gur dhún sí. Ní raibh cruithneacht oiriúnach don cheantar ach d'éirigh thar barr leis na prátaí de bharr na báistí, na hithreach bolcánaí agus fhionnuartas na háite.
Líne 38:
 
== Sliabh Warrenheip ==
Seanbholcánach atá os cionn Dunnstown is ea Sliabh Warrenheip, agus ciallaíonn an t-ainm "cleití éimiú". Na [[Wathaurong]], pobal Bundúchasach na háite, a thug an t-ainm sin air agus iad ag cuimhneamh ar a raibh de raithneach ann. Tá sé 741 méadar faoi gcuairt agus 170 méadar ar airde.
 
Bhí an [[bolcán]] beo idir 50,000 agus 100,000 bliain ó shin, agus ritheadh an laibhe ó dheas. D'fhág sí timpeall cúig sraith basailt ina diaidh agus gach ceann acu idir deich méadar agus fiche méadar ar dhoimhne.
Líne 47:
 
== An drioglann ==
Cuireadh an [[drioglann]] ar bun sa bhliain 1862. Ba le R. Dunn í agus as-san a ainmníodh an ceantar. Bhí an drioglann 299 troigh ar fad agus sé bhothán ina aice léi don scór fear a bhí ar fostú ann. Bhí a lán feirmeoirí ag obair go páirtaimseartha ann agus iad ag déanamh sealaíochta chun cúpla punt sa bhreis a thuilleamh. Tháinig meath éigin ar an ngnó agus sa bhliain 1878 cheannaigh Henry Brind é. Idir na blianta 1864 agus 1927 bhí uisce beatha, rum, branda, biotáille Ghinéive agus pórtfhíon den scoth á ndéanamh ann.
 
Chuireadh an drioglann eorna chun drioglainne eile in Corio, in aice le [[Geelong]]. Sa bhliain 1927 d'aistrigh an gnó go léir go dtí Corio, agus níl sa tseandrioglann anois ach teach fásaigh.