An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Conaill"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 21 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q314917 (translate me) |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 51:
[[Íomhá:Daniel O'Connell, the great Irish liberator.jpg|deas|200px|thumb|Pictiúr de "Daniel O'Connell, the Great Irish Liberator".]]
Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh iomlán a chur leis [[na Péindlíthe]].
Is léir go ndeachaigh na sluachruinnithe seo go mór mór i gcion ar mhuintir na hÉireann chomh maith le hilmheáin (nuachtáin) na linne, ach lenár linn féin, is minic a fuair lucht athbheochana na Gaeilge locht ar an gConallach, ó nach labhraíodh sé ach Béarla le lucht a éisteachta, fiú in Iarthar na hÉireann, áit nach raibh "léann ná Béarla" ag an gcuid ba mhó den chosmhuintir [tagairt?]. Is é an míniú is minicí a thugtar ar an mBéarlóireacht seo ná go raibh sé ag díriú ar na nuachtáin[tagairt?]. Is é sin, ní raibh gá leis an nGaeilge, ó bhí na Gaeilgeoirí bochta ag tacú leis cheana féin, ach san am céanna, bhí gá leis an mBéarla, ó chaithfeadh sé lucht léite na nuachtán a chur ar athrú comhairle faoi chúis na gCaitliceach. Ba é oighear an scéil, áfach, ná gur thosaigh cainteoirí dúchasacha na Gaeilge ag ceapadh gurbh é an Béarla teanga na polaitíochta, ó nach raibh ach Béarla á labhairt ag fear a n-ionadaíochta féin.
Bhailigh sé pingin amháin in aghaidh na míosa ó gach ball den Chumann. (Iarradh ar gach duine sa tír pingin in aghaidh na seachtaine a íoc leis an gCumann, ach é sin a bheith ar a n-acmhainn acu.)
Sheas an Conallach sna toghcháin i g[[Contae an Chláir]] sa bhliain 1828.
== Aisghairm Acht an Aontais ==
[[Íomhá:Daniel O'Connell, defending the rights of his countrymen.jpg|deas|200px|thumb|An Conallach ag cur in aghaidh [[Acht an Aontais]].]]
Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh a chur le h[[Acht an Aontais]].
D'eagraigh sé cruinniú ollmhór ar an 8 Meán Fómhair i g[[Cluain Tarbh]], agus an chuma ar an scéal go mbeadh na céadta míle de dhaoine i láthair.
[[Íomhá:OConnellMonument.JPG|thumb|200px|Dealbh chuimhneacháin i m[[Baile Átha Cliath]] ar [[Sráid Uí Chonaill|Shráid Uí Chonaill]], le John Henry Foley]]
Gabhadh an Conallach, cuireadh tréas ina leith air agus gearradh bliain príosúnachta air.
== Bás agus Oidhreacht ==
Fuair Ó Conaill bás i Genoa agus é ar a bhealach go dtí [[an Róimh]] sa bhliain 1847.
Ó chaith an Conallach dúthracht a shaoil ag iarraidh cearta sibhialta a bhaint amach do na Caitlicigh, tugtar an ''Liberator'' air as Béarla. Is é an gnáth-théarma Gaeilge a úsáidtear inniu leis an ''Liberator'' a aistriú ná an '''Fuascailteoir''', ach deir Ríonach Uí Ógáin ina leabhar faoin gConallach i mbéaloideas na hÉireann, ''Immortal Dan'', gurbh é an '''Saoirseoir''' an leagan is minicí a bhíonn sa bhéaloideas, mura mbaintear úsáid as an bhfocal Béarla scun scan. Tugtar an 'Great Agitator' freisin air, a bhféadfaí an Gríosóir Mór a thabhairt i nGaeilge air.
Spreag tuairimí agus éachtaí Uí Chonaill daoine ar fud na cruinne, ina measc [[Mahatma Gandhi]] (1869–1948) agus [[Martin Luther King]] (1929–1968). Dúirt [[William Makepeace Thackeray]] (1811–1863) leis: “you have done more for your nation than any man since Washington ever did.” Dar le William [[William Ewart Gladstone|Gladstone]] (1809–1898), ba é an Conallach “the greatest popular leader the world has ever seen.” I litir chuig [[Comtesse Hanska|Madame Hanska]] scríobh [[Honoré de Balzac]] (1799–1850) “Quatre hommes auront eu une vie immense : Napoléon,
Tugtar ''Sráid Uí Chonaill'' ar na príomhshráideanna i mBaile Átha Cliath agus i [[Luimneach]] agus ar shráideanna i roinnt bailte eile in ómós dó.
|