An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe West Port"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) No edit summary |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 1:
[[
Sraith de [[dúnmharú|dhúnmharuithe]] ab ea '''dúnmharuithe West Port''' a rinneadh i n[[Dún Éideann]] sna blianta [[1827]]-[[1828]]. Ba iad William Burke (Liam de Búrca) agus William Hare (Liam Ó hEadhra), beirt Éireannach, na dúnmharfóirí, agus is í an tucaid a bhí acu leis na coireanna seo ná na corpáin a dhíol le dochtúirí Choláiste Míocháine Dhún Éideann, go háirithe leis an dochtúir [[Robert Knox]], [[Anatamaíocht|anatamaí]] agus [[antraipeolaíocht|antraipeolaí]] clúiteach lena lá, ar theastaigh siad uaidh le taighde a dhéanamh orthu. Ba iad a gcuid coireanna a chuir tús leis an bhfocal úd "[[búrcáil]]" sa Ghaeilge, a chiallaíonn réabóireacht reilige.
Líne 28:
Nuair a thug nuachtán áitiúil i nDún Éideann tuairisc ar na himeachtaí, chuala Janet Brown, an striapach a tháinig slán nuair a maraíodh a leathbhádóir, iomrá orthu agus chuaigh sí ag cuidiú leis na póilíní. D'aithin sí éadaí de chuid Mhary Paterson, an striapach a bhí ina cuideachta agus a fuair bás.
[[
Cé go raibh fianaise ann, níor leor í, agus thug an breitheamh tairiscint do Mhac Uí Eadhra: gheobhadh sé díolúine ón ionchúiseamh, dá mbeadh sé sásta fianaise a thabhairt in aghaidh an Bhúrcaigh. Thoiligh sé, agus gearradh breith an bháis ar an mBúrcach i Mí na Nollag 1828. Scaoileadh Eibhlín saor, ó nach rabhthas ábalta a chruthú go raibh lámh aici sna dúnmharuithe. Níor ionchúisíodh Robert Knox, cé go raibh callán mór ann faoi na himeachtaí.
Líne 34:
Scaoileadh saor le Mac Uí Eadhra i bhFeabhra 1829. Bhí scéalta ag imeacht faoi agus iad ag tabhairt le fios gur fear iarrtha déirce a bhí ann a raibh radharc a shúl caillte aige. Níor dearbhaíodh na scéalta seo riamh. Chonacthas an uair dheireanach é i g[[Carlisle]], [[Sasana]].
[[Catagóir:Stair na hAlban]]
|