An difríocht idir athruithe ar: "Dúnmharuithe Mhám Trasna"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 4:
Tá mí-chlú tabhaithe ag an gcás ó shin i leith mar gheall ar shárú chearta teanga Mhaolra Seoighe agus na cosantóirí eile.
 
== Eachtraí an dhúnmharaithe ==
Is ceantar iargúlta Gaeltachta é Mám Trasna, atá ar bhruach [[Loch Measca]] ar an teorainn idir [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] agus Contae Mhaigh Eo. Ar an 17 Lúnasa 1882, rinne drong de fhir áitiúla ruathar fuilteach ar theach cónaithe Sheán Seoighe le gunnaí agus maidí. Maraíodh cúigear den teaghlach san iomlán - Séan féin, a bhean Bríd, a n-iníon Peigí agus Mairéad, máthair Sheáin.
Níor bhásaigh a mhac Micheál ar an toirt, ach déag sé san ospidéal an lá dar gcionn de bharr a ghortuithe. Níor tháinig ach duine amháin slán as an slad, an buachaill óg Patsy.
Líne 10:
Níltear ar aon tuairim faoi spreagadh na bhfear. Maíonn teoiric amháin go raibh Seán Seoighe ina chisteoir ar cheann de na cumainn rúnda a bhí ag cur in aghaidh na Sasanach. Dearbhaítear go raibh sé ag goideadh airgid ó chistí an chumainn, agus thug na fir faoi chun díoltas a bhaint amach.
 
== An cás cúirte ==
Gabhadh deichniúr san iomlán agus tugadh ós comhair na cúirte i mBaile Átha Cliath iad - Maolra Seoighe féin, beirt dheartháireacha dá chuid (Martin agus Páidín), a nia Tom, triúr ó Cheapach na Creiche (Pat, Michael agus John Casey), Casey eile (Tom) ó Ghleann Sal agus Anthony Philbin ón gCeapach Dhubh.