An difríocht idir athruithe ar: "Eantrópacht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Sa teirmidinimic, tomhas uimhriúil ar an mí-ord. Úsáidtear an tsiombail S di, agus is i ngiúil in aghaidh an cheilvin (J K<small><sup>...'
 
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Sa [[teirmidinimic]], tomhas uimhriúil ar an mí-ord. Úsáidtear an [[Siombail|tsiombail]] S di, agus is i ngiúil in aghaidh an [[Ceilvin|cheilvin]] (J K<small><sup>-1</sup></small>) a thomhaistear í. De réir mar a mhéadaíonn an mí-ord, is amhlaidh a mhéadaíonn an eantrópacht. Mar shampla, samhlaigh córas ina bhfuil umar uisce is braon dúigh. Nuair a chuirtear an braon dúigh isteach san umar uisce, méadaítear eantrópacht an chórais mar go bhfuil mí-ord an dúigh scaipthe níos mó ná roimhe. Ní athbhaileoidh na páirteagail dúigh le chéile arís, rud a léiríonn nach laghdaíonn an eantrópacht go spontáineach. Sainmhínítear an t-athrú eantrópachta mar an méid teasa a chuirtear le córas, roinnte ar a theocht i K nuair a choinnítear an [[teocht]] tairiseach. Mar shampla, is é an méadú eantrópachta i 1 kg oighir nuair a leánn sé go huisce ag 0&nbsp;°C (273 K) ná 1223 J K<small><sup>-1</sup></small>. Nuair a reoitear uisce go dtí [[oighear]], laghdaítear eantrópacht an uisce sin, ach ar chostas an mhéadú eantrópachta sa chóras iomlán, an [[cuisneoir]] is an seomra san áireamh. Tugann an t-athrú eantrópachta léargas breise ar threo próisis atá inchúlaithe ó thaobh imchoimeád an fhuinnimh de, de réir dealraimh. Is tairiseach an eantrópacht i bpróiseas inchúlaithe de chineál amháin, agus is é sin próiseas nach suimítear nó nach ndealaítear teas lena linn. De réir dara dlí na teirmidinimice, fanann an eantrópacht gan athrú nó méadaíonn an eantrópacht i ngach uile phróiseas.
 
{{Fréamh an Eolais}}