An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Riain"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
B'as [[Tiobraid Árann]] d''''Eoghan Ó Riain''' (''Eugene Ryan'') (1864-1905), Éireannach a a bhí ina chónaí in [[Sydney]] na [[An Astráil|hAstráile]] sa chuid dheireanach den [[19ú haois]]. Bhí sé chun tosaigh i measc lucht saothraithe na Gaeilge ann, agus é mór leis an Dr [[Nioclás Ó Domhnaill]], Gaeilgeoir nótáilte as [[Melbourne]] a scríobh alt suimiúil faoin Rianach nuair a chuaigh sé siúd i gcré.
 
Rugadh an Rianach i dTiobraid Árann sa bhliain 1864 agus tháinig go dtí an Astráil nuair a bhí sé timpeall aon bhliain amháin is fiche d’aois. Duine iléirimiúil a bhí ann, múinteoir scoile, ceoltóir agus fear teangeacha. [[Fraincis]], [[Iodáilis]] agus [[Spáinnis]] ar a thoil aige, Sínis freisin más fíor don Domhnallach, agus scoth Gaeilge. A uncail Diarmaid, múinteoir oilte, a chuir oideachas air, agus fuair an Rianach a chuid céimeanna i gColáiste Bhráithre Phádraig i [[Maigheann Rátha]].