An difríocht idir athruithe ar: "Fosfar"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 115 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q674 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 15:
Ba é an t-ailceimiceoir Gearmánach Hennig Brandt a d'aonraigh an fosfar bán an chéad uair sa bhliain 1669, nuair a bhí sé ag iarraidh órchloch a dhéanamh as a chuid múin féin.

Amach ón bhfosfar bán, tá roinnt allatróp eile ag an dúil seo. Tá an fosfar bán comhdhéanta as [[móilín]]í ceithre adamh, P4, agus is iad na móilíní seo atá le fáil san fhosfar ghásaithe chomh maith, ach titfidh siad as a chéile go móilíní dé-adamhacha P2. Nimh atá san fhosfar bhán, ós rud é go bhfuil sé an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh. Maidir leis an bhfosfar dearg, tá sé comhdhéanta as slabhraí fada polaiméireacha. Is féidir fosfar dearg a fháil tríd an bhfosfar bán a théamh suas go 250 °C. Ar dtús, gheofar fosfar dearg [[Solad dímhorfach|dímhorfach]], ach ansin, má choinnítear ag téamh an fhosfair, tiocfaidh struchtúr criostalach ann.

Tá na fisiceoirí in ann trí iseatóp is fiche a aithint ag an bhfosfar, ach is é fosfar a 31 an t-aon cheann atá cobhsaí. Mar sin, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra.
Líne 25:
!An Staid Ocsaídiúcháin!!An Fhoirmle!!An tAinm!!Prótóin Aigéadacha!!Comhdhúile

| +1||HH2PO2||[[Aigéad hipeafosfarúil]] || 1 (tabhair faoi deara
go bhfuil dhá
adamh hidrigine
nasctha den adamh fosfair
go díreach, gan
aon adamh ocsaigine
eatarthu - mar sin
ní féidir leo
prótalú a dhéanamh)||aigéad, salainn

| +3||H2HPO3||[[Aigéad fosfarúil]] || 2 (tá an tríú
hadamh hidrigine
nasctha go díreach
den adamh fosfair
agus ní féidir leis
prótalú a dhéanamh||aigéad, salainn

| +3||HPO2||[[Aigéad meiteafosfarúil]] || 1 ||salainn