An difríocht idir athruithe ar: "Forsheoltacht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Iompar neamhghnách ina gcailleann ábhar ar leith aon fhriotaíocht do sheoladh srutha leictrigh. De réir dlí Ohm, nuair a ritheann sruth trí ...'
 
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Iompar neamhghnách ina gcailleann ábhar ar leith aon [[Friotaíocht|fhriotaíocht]] do sheoladh srutha leictrigh. De réir [[dlí Ohm]], nuair a ritheann sruth trí ábhar forsheoltach ní bhíonn aon voltas trasna, agus ní chruthaítear aon teas ón [[Fuinneamh|bhfuinneamh]] leictreach a iompraítear tríd. Mar sin, tá an seoladh srutha leictrigh lánéifeachtach trína leithéid d'ábhar. Dá mb'fhéidir sreanga forsheoltacha a úsáid i gciorcaid is mogalraí leictreacha, ba mhór an choigilt fuinnimh é. Gníomhaíonn na dúile miotalacha [[luaidhe]], stán is [[Mearcair (airgead beo)|mearcair]], agus comhdhúile éagsúla mar fhorsheoltóirí nuair a fhuaraítear iad go dtí [[teocht]] [[héiliam]] leachtaithe ag -273.15 °C, an-ghar don [[dearbhnialas]] teochta. Tá sé an-chostasach ó thaobh airgid is fuinnimh de a leithéid a chur i gcrích, agus mar sin ní dóchúil go bhfeidhmeofar éifeacht na forseoltachta i dtarchur leictreachais leis na miotail sin. Le blianta anuas táthar tar éis comhdhúile ceirmeacha, bunaithe ar [[Tailliam|thailliam]], a úsáid a léiríonn forsheoltacht ag teocht nítrigine leachtaithe, nó fiú suas go dtí -150 °C. Tá an-chuid [[taighde]] ar siúl chun comhdhúile a aimsiú a bheadh forsheoltach ag teocht níos mó fós, rud a dhéanfadh táirgeadh is feidhmiú na n-ionstraimí is na n-inneall a bheadh bunaithe ar chiorcaid is comhbhaill fhorsheoltacha níos saoire fós.
 
{{Fréamh an Eolais}}