An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge Chonnacht"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
Maidir leis na [[canúint|canúintí]] gaolmhara a chuaigh in éag le déanaí, bhí lucht curtha in eagar an ''Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects''<ref>Linguistic Atlas and Survey of the Irish Dialects. Dublin: Dublin. Institute for Advanced Studies. Wagner, H. (1959) </ref> ábalta cuid mhaith eolais a bhailiú ó na cainteoirí deireanacha i ndeisceart [[Contae Shligigh|Chontae Shligigh]] agus in iardheisceart [[Contae Liatroma|Chontae Liatroma]], chomh maith le [[Contae an Chláir]].
 
Na chéad chanúineolaithe a chuaigh i ngleic le [[canúint|canúintí]] nua-aimseartha na [[Gaeilge]], bhí siad den tuairim gur chóir gan ach dhá mhórchanúint [[Gaeilge]] a aithint, is é sin, an ceann thuaidh agus an ceann theas, agus an teorainn idir an dá mhórghrúpa seo canúintí ag rith trasna na hÉireann ó Chaoláire na Gaillimhe go Cuan Bhaile Átha Cliath. Inniu, glactar leis go bhfuil sé níos praiticiúla trí mhórchanúint - [[Gaeilge Uladh]], [[Gaeilge Chonnacht]] agus [[Gaeilge na Mumhan]] - a aithint, agus go bhfuil cúiseanna [[teangeolaíocht|teangeolaíochta]]a leis an deighilt seo, sa bhreis ar na cúiseanna follasacha tíreolaíochta.
 
== Fochanúintí ==
 
Is é an deighilt a dhéanann Ruairí Ó hUiginn ar na fochanúintí éagsúla san aiste a scríobh sé do [[Stair na Gaeilge]] (lch. 543) ná:
Líne 11:
* '''Gaeilge [[Oileáin Árann]] agus [[Cois Fharraige|Chois Fharraige]]'''. Is é seo an cineál [[Gaeilge]] a mhúintear sa leabhar cáiliúil le [[Mícheál Ó Siadhail]], ''Learning Irish''. Sa [[canúint|chanúint]] seo, fágtar an -th- agus an -ch- caol idir gutaí ar lár, ionas go ndéantar [bo:r] ("bó'r") den fhocal ''bóthar'' agus [draid] nó [dre:d] ("draighead", "draed") den fhocal ''droichead''. Seo an cineál Gaeilge a bhí ó dhúchas ag [[Máirtín Ó Cadhain]], rud atá le haithint go soiléir ar a chuid scríbhneoireachta.
 
* '''Gaeilge Oirthear na Gaillimhe''', is é sin, Gaeilge [[Baile an Chláir|Bhaile an Chláir]]. Is féidir staidéar a dhéanamh ar an g[[canúint]] seo i bhfoirm scríofa sa bhailiúchán béaloidis úd ''Seanchas Thomáis Laighléis'', a chuir [[Tomás de Bhaldraithe]] in eagar<ref>Seanchas Thomáis Laighléis · Eag. Tomás de Bhaldraithe. €20.00 [[2011]]. ISBN 9781906883171978-1-906883-17-1 (978-1-906883-17-1) ([http://www.cic.ie/en/item.aspx?id=1602 CIC www.cic.ie]). Clúd. Bog.</ref>. Sa chanúint seo, déantar ''leofa'' de ''leo'' agus ''díofa'' de ''díbh'', rud ba mhó a shamhlófaí le Gaeilge Uladh.
 
* '''Gaeilge Iarthar Chonamara'''. Seo an cineál Gaeilge a chloisfeá i [[Ros an Mhíl]], sa [[An Cheathrú Rua|Cheathrú Rua]], i g[[Carna]], agus i [[Ros Muc]], agus seo an cineál Gaeilge is mó a bhí acu siúd a chuaigh go [[Ráth Cairn]] thiar sna tríochaidí leis an áit a thabhairt chun míntíreachais. Sa chanúint seo, ní dhéantar ''bór'' de ''bóthar'', ach ina dhiaidh sin féin tá sí iontach cosúil le Gaeilge [[Cois Fharraige|Chois Fharraige]].
Líne 23:
* '''Gaeilge Íochtar Chonnacht''' - is é sin, Gaeilge Thuaisceart [[Chontae Mhaigh Eo|Mhaigh Eo]]. (Tabhair faoi deara go dtagraíonn "íochtar tíre" don tuaisceart agus "uachtar tíre" don deisceart sna logainmneacha go minic - gnás atá bun os cionn leis an dóigh a dtaispeántar an tír sna mapaí.) Tá an chanúint seo sách cosúil leis an gcineál Gaeilge a labhraítear in Oileán [[Acla]].
 
== Focail ==
* ''aibéil'' (Mhaigh Eo) go tapaidh nó go sciobhthaí
 
Líne 120:
* ''úmachan'' (Maigh Eo) "ullmhú don turas"
 
== Leabhair i nGaeilge Chonnacht ==
 
* ''ÁR nOILEÁN - TUILE 'S TRÁ''. Bailiúchán Bhéaloideas Árann. Mná Fiontracha, gan dáta. ISBN 0-9546061-1-6
Líne 262:
* ''SCÉALTA MHÁIRTÍN NEILE, bailiúchán scéalta ó Árainn''. Holger Pedersen a thóg síos, Ole Munch-Pedersen a chuir in eagar. Comhairle Bhéaloideasa Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 1994 (béaloideas) Oileáin Árann
 
== Foinsí ==
 
* Ó hUiginn, Ruairí: ''Gaeilge Chonnacht''. Lch. 539-609 i: Stair na Gaeilge in ómós do Phádraig Ó Fiannachta, curtha in eagar ag Kim McCone, Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad 1994.
Líne 269:
== Tagairtí ==
{{reflist}}
{{Teangeolaíocht na Gaeilge}}
 
 
[[Catagóir:Canúintí na Gaeilge|Chonnacht, Gaeilge]]
 
{{Teangeolaíocht na Gaeilge}}