An difríocht idir athruithe ar: "Gaspard-Gustave Coriolis"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 36 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q202827 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 16:
Rugadh é i bPáras sa bhliain 1792. Sa bhliain 1816 bhí sé mar teagascóir ag an École Polytechnique. Rinne sé turgnaimh ansin ar frithchuimilt agus hiodrálaic. Sa bhliain 1829 d'fhoilsigh sé an leabhar, ''Calcul de l'Effet des Machines'' ("Áireamh ar Éifeacht na meaisíní"), ag déanamh cur síos ar an tslí gur féidir le earnáil na tionsclaíochta úsáid éifeachtach a fháil ó na meaisíní. I rith an tréimhse seo bhí an slonn, &frac12;mv<sup>2</sup>, á úsáid níos mó agus glacadh leis an nasc idir é agus obair mheicniúil.
 
Rinne Coriolis a lán oibre sna blianta seo ar na smaointe seo faoi fuinneamh cinéiteach a chuir i bhfeidhm le córais rothlaigh. . Scríobh sé páipéir sa bhliain 1835, ''Sur les équations du mouvement relatif des systèmes de corps'' ("Na cothromóidí gluaisne choibhneasta de córas corp"). Chuir an saothar seo síos ar ar aistriú fuinneamh i córais rothlaigh mar rotha-uisce. Rinne sé plé ar na fórsaí forlíontaigh a aimsítear i bhfráma tagartha rothlach agus roinn sé na fórsaí seo i ndá grúpaí. Is é [[Iarmhairt Coriolis]] an dara catagóir. Sa bhliain [[1835]] d'fhoilsigh sé saothar matamaiticiúil ar imbhualadh sféar: ''Théorie Mathématique des Effets du Jeu de Billard''.
 
Bhí Coriolis mar ollamh le meicnic ag an École Centrale des Arts et Manufactures sa bhliain 1829. Fuair sé bás sa bhliain [[1843]] ag aois 51 i bPáras.