An difríocht idir athruithe ar: "Géineolaíocht"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Bot: Migrating 91 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q7162 (translate me))
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
 
Is disciplín bitheolaíochta í '''an Ghéineolaíocht''' (ón Sean-Ghréigis γενετικός ''genetikos'', "ginideach" agus ó γένεσις ''genesis'' "bunús" <ref>[http://www.perseus.tufts.edu/cgi-bin/ptext?doc=Perseus%3Atext%3A1999.04.0057%3Aentry%3D%2321880 Genetikos, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", ag Perseus]</ref><ref>[http://www.perseus.tufts.edu/cgi-bin/ptext?doc=Perseus%3Atext%3A1999.04.0057%3Aentry%3D%2321873 Genesis, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", ag Perseus]</ref><ref>[http://www.etymonline.com/index.php?search=Genetic&searchmode=none Online Etymology Dictionary]</ref>), ina ndéantar staidéar ar [[oidhreacht]] agus [[éagsúlach|éagsúlachtaí]].<ref name=griffiths2000sect60>{{cite book |editor1-first=Anthony J. F. |editor1-last=Griffiths |editor2-first=Jeffrey H. |editor2-last=Miller |editor3-first=David T. |editor3-last=Suzuki |editor4-first=Richard C. |editor4-last=Lewontin |editor5-first=William M. |editor5-last=Gelbart |title=An Introduction to Genetic Analysis |year=2000 |isbn=0-7167-3520-2 |edition=7th |publisher=W. H. Freeman |location=New York |chapterurl=http://www.ncbi.nlm.nih.gov/books/bv.fcgi?rid=iga.section.60 |chapter=Genetics and the Organism: Introduction}}</ref><ref name=Hartl_and_Jones>Hartl D, Jones E (2005)</ref>
[[ImageÍomhá:DNA Overview2.png|thumb|deas|140px|upright|[[DNA]], móilín na hoidhreachta. Slabhra núicléitídí is ea gach dual de DNA, agus an dá dhual ag freagairt dá chéile sa lár mar chéimeanna ar dhréimire casta.]]
 
Is éard is ábhar don ghéineolaíocht struchtúr [[móilín]]each agus feidhmiú na n[[géin]]te, agus iompar na ngéinte i g[[cill]] nó in [[orgánach]] (e.g. ceannas agus [[eipigéineolaíocht]]), patrúin oidhreachta, agus dáileadh, malartú agus athrú i bpobail. Is féidir tairbhe a bhaint as an ngéineolaíocht agus staidéar á dhéanamh ar na córais bheo go léir – víorais, baictéirí, plandaí, ainmhithe, daoine agus eile.
 
Síleadh riamh anall go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht agus gur féidir tairbhe a bhaint as seo chun feabhas a chur ar phlandaí agus ainmhithe. Ach ba é Gregor Mendel ba thúisce a rinne taighde eolaíoch ar an [[oidhreachtúlacht]], obair a thosaigh i lár an 19ú haois. <ref name=Weiling>{{cite journal |pmid=1887835| doi=10.1002/ajmg.1320400103 |year=1991 |last1=Weiling |first1=F |title=Historical study: Johann Gregor Mendel 1822–1884. |volume=40 |issue=1 |pages=1–25; discussion 26 |journal=American journal of medical genetics}}</ref> Cé nár thuig sé bunús fisiciúil na hoidhreachta, thug Mendel faoi deara go bhfaigheann orgánaigh tréithe le hoidhreacht trí aonaid oidhreachtúla a dtugtar géinte orthu anois.
 
Freagraíonn na géinte do réigiúin áirithe laistigh den [[DNA]], móilín ar slabhra de cheithre shaghas de núicléitídí é. An t-eolas géiniteach a fhaigheann orgánaigh le hoidhreacht tá sé le fáil i seicheamh na núicléitídí. Tá dhá dhual sa DNA agus núicléitídí i ngach ceann acu a oireann dá chéile. Is féidir leis na duail a bheith ina dteimpléid ag duail nua, rud a ligeann do na cealla cóip a dhéanamh de ghéinte inoidhreachta.
== Stair ==
 
=== Géineolaíocht chlasaiceach agus Mhendelach ===
 
D’eascair an ghéineolaíocht ó obair [[Gregor Mendel]], eolaí agus [[Agaistíneach]] a rinne taighde ar oibriú na hoidhreachta i bplandaí. Sa bhliain 1865 léigh sé a pháipéar "Versuche über Pflanzenhybriden" (“Trialacha i Hibridiú na bPlandaí”) i láthair an ''Naturforschender Verein'' (“Cumann an Taighde Nádúrtha”) in Brünn. Rianaigh Mendel tréithe áirithe a fuair pónairí le hoidhreacht agus chuir síos orthu go matamaiticiúil. <ref>Blumberg, Roger B.. Mendel's Paper in English : http://www.mendelweb.org/Mendel.html</ref> Ní raibh an patrún oidhreachta seo le haithint ach ar roinnt bheag plandaí, agus chuir obair Mendel in iúl gur rud cáithníneach í an oidhreachtúlacht seachas rud fáltais, agus gurbh fhéidir patrúin oidhreachtúla mórán plandaí a mhíniú le rialacha agus cóimheasa simplí.
 
Níor tháinig eolaithe eile ar shaothar Mendel go dtí na 1890í agus iad ag déanamh taighde den saghas céanna. Ba é [[William Bateson]], duine de lucht leanúna Mendel, a chum an focal ''genetics'' sa bhliain 1905.<ref>genetics, ''n.'', [[Oxford English Dictionary]], 3rd ed.</ref><ref>http://www.jic.ac.uk/corporate/about/bateson.htm: Letter from William Bateson to Alan Sedgwick in 1905. The John Innes Centre.</ref> (Tháinig an aidiacht ''genetic'' ann roimh an ainmfhocal agus é tógtha ón bhfocal Gréigise ''genesis''—γένεσις ("bunús"). Úsáideadh é den chéad uair i gciall bhitheolaíoch sa bhliain 1860.) Ba é Bateson a chuir an focal ''genetics'' i mbéal an phobail agus é ag tabhairt cainte don Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Hibridiú Plandaí i [[Londain]] sa bhliain 1906.<ref>Bateson, W.. ‘The Progress of Genetic Research,’ Wilks, W. (eag.), ''Report of the Third 1906 International Conference on Genetics: Hybridization (the cross-breeding of genera or species), the cross-breeding of varieties, and general plant breeding''. Royal Horticultural Society, London, 1907.</ref>
 
Thosaigh eolaithe ag obair faoi anáil Mendel agus iad ag iarraidh teacht ar na móilíní sa chill a bhí freagrach as oidhreacht. Sa bhliain 1910 mhaígh [[Thomas Hunt Morgan]] go bhfuil géinte ar chrómasóim agus é ag cuimhneamh ar shóchán súl bán a bhain le gnéas i gcuileanna torthaí ([[Drosophila melanogaster]]).<ref>Moore, John A.. ‘Thomas Hunt Morgan—The Geneticist,’ ''Integrative and Comparative Biology'', Volume 23, Issue 4, 1983, lch 855</ref> Sa bhliain 1913 bhain a dhalta [[Alfred Sturtevant]] feidhm as an [[nascadh géiniteach]] chun a thaispeáint go bhfuil géinte cóirithe ina línte ar an gcrómasóm.<ref>Sturtevant, A.H. (1913). ‘The linear arrangement of six sex-linked factors in Drosophila, as shown by their mode of association,’ ''Journal of Experimental Biology'', Volume 14, lgh 43–59: http://www.esp.org/foundations/genetics/classical/holdings/s/ahs-13.pdf</ref>
[[ImageÍomhá:Sexlinked inheritance white.jpg|clé|thumb|Sóchán súl bán in ''[[Drosophila]]''.]]
 
== Comharthaí oidhreachta ==
 
=== Oidhreacht scoite agus dlíthe Mendel ===
 
[[ImageÍomhá:Punnett square mendel flowers.svg|right|thumb|Cearnóg Punnett ag taispeáint cros-síolrú idir dhá phónaire atá heitrisigeach do bhláthanna corcra (B) agus bána (b)]]
 
Go bunúsach faigheann orgánaigh oidhreacht trí thréithe scoite a dtugtar géinte orthu. <ref>Anthony, J. F.; Griffiths, Jeffrey H.; Miller, David T.; Suzuki, Richard C.; Lewontin, Gelbart (eag.) (2000). ''An Introduction to Genetic Analysis'', W.H Freeman, New York (an 7ú heagrán). ISBN 0-7167-3520-2 |http://www.ncbi.nlm.nih.gov/books/bv.fcgi?rid=iga.section.630 |Caibidil: ‘Patterns of Inheritance: Introduction,’ William, M. (eag.)</ref> Ba é Gregor Mendel ba thúisce a thóg ceann de seo. Thug sé faoi deara go mbíodh dathanna gach pónaire corcra nó bán, agus gan aon dath idirmheánach le feiceáil. <ref>Anthony, J. F.; Griffiths, Jeffrey H.; Miller, David T.; Suzuki, Richard C.; Lewontin, Gelbart (eag.) (2000). ''An Introduction to Genetic Analysis'', W.H Freeman, New York (an 7ú heagrán). ISBN 0-7167-3520-2 |http://www.ncbi.nlm.nih.gov/books/bv.fcgi?rid=iga.section.630 |Caibidil: ‘Mendel's experiments,’ William, M. (eag.)</ref>
 
Is iomaí spéiceas (agus daoine san áireamh) a bhfuil dhá chóip de gach géin acu, sin cóip amháin ó gach tuismitheoir. Más spéiceas [[dioplóideach]] atá i gceist agus dhá chóip den ailléil chéanna de ghéin áirithe aige, deirtear go bhfuil sé [[homaisigeach]] sa lócas géiniteach sin. Tá sé [[heitrisigeach]] má tá dhá ailléil dhifriúla de ghéin áirithe aige.
Tugtar [[géinitíopa]] ar [[ailléil]]í orgánaigh agus tugtar [[feinitíopa]] ar thréithe infheicthe an orgánaigh. I gcás organaigh atá heitrisigeach sa lócas géiniteach, is minic a deirtear go bhfuil ailléil amháin “ceannasach,” ó tá a cuid tréithe chun tosaigh san fheinitíopa, agus go bhfuil an ceann eile “cúlaitheach,” mar nach féidir a cuid tréithe a fheiceáil.
== Amlíne ==
* [[1866]] - [[Gregor Mendel]], manach Ostarach agus a chuid píseanna, an páipéar ''Versuche über Pflanzenhybriden''
* 19ú haois - [[Francis Galton]] col ceathrar [[Charles Darwin]] agus ''eugenics''
* [[1901]] - [[Hugo de Vries]] agus sócháin
* [[1953]] - Fógraíonn [[James Watson]] agus [[Francis Crick]] staidéar ar nádúr agus struchtúr an [[DNA]] - an héilics dúbailte - i bpáipéar ar an iris ''Nature''.
[[Catagóir:Géineolaíocht|*]]
 
{{Nasc AR|en}}
{{Nasc AR|tr}}
{{Nasc AR|ca}}
{{Nasc AR|en}}
{{Nasc AR|ko}}
{{Nasc AR|tr}}
{{Nasc AR|vi}}
{{Nasc AR|zh}}
20,290

edits