An difríocht idir athruithe ar: "Hollywood (Los Angeles)"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 94 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q34006 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3:
 
[[Íomhá:Hollywood_sign.jpg|thumb|240px|An comhartha ''Hollywood'']]
Tá cuid mhór den tionsclaíocht [[scannánaíocht]]a agus cumarsáide tar éis bogadh ó Hollywood go dtí na ceantair ina thimpeall, ar nós Burbank nó taobh thiar Los Angeles (Beverly Hills, cuir i gcás), ach fanann cuid mhór gnólachtaí i Hollywood féin, go háirithe iad siúd atá ag déanamh eagarthóireachta ar na scannáin nó ag soláthar maisíochta dóibh. Tá cuid mhór pictiúrlanna stairiúla i Hollywood freisin a mbaintear úsáid astu le scannáin nua a chur os comhair an tsaoil mhóir an chéad uair, agus is i Hollywood féin atá Siúlán an Mhórchlú, nó ''Walk of Fame'', suite, áit a bhfaigheann gach aisteoir mórchlúiteach nó boc mór scannánaíochta eile a réalta féin.
 
De ghnáth, ní tharraingíonn bardas Los Angeles teorainneacha neamh-dhébhríocha idir na "ceantair" sa chathair, ach is eisceacht é Hollywood. Ar an [[16 Feabhra]] [[2005]] mhol beirt bhall de thionól an bhardais teorainneacha Hollywood a shainmhíniú agus taifid oifigiúla ar leith a choinneáil faoin gceantar díreach mar a bheadh cathair neamhspleách ann. Glacadh leis an mbille, agus críochaíodh teorainneacha Hollywood.