An difríocht idir athruithe ar: "Iúil Caesar"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 127 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1048 (translate me) |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 31:
Bhí fáilte roimhe sna fórsaí armtha, ní nárbh ionadh, agus glacadh leis mar oifigeach foirne faoi cheannas an ghinearáil Marcus Minucius Thermus, a bhí ag faire chúige na hÁise (is é sin, iarthar na Mion-Áise, nó iarthar na Tuirce sa lá atá inniu ann) thar cionn Sulla. Nuair a bhí cathair Mytilene in oileán Lesbos faoi léigear ag saighdiúirí Thermus, bronnadh an ''corona civica'' nó coróin an tsaoránaigh ar Iúil Caesar - b'ionann sin is a rá go raibh sé tar éis duine dá chomh-Rómhánaigh a shábháil ar an mbás ar mhachaire an áir. Ó nach raibh deireadh ag teacht leis an léigear, cuireadh Caesar chuig rí na Bitine, Nicidéamas a Ceathair, duine de chomhghuaillithe na Rómhánach, le cuidiú a iarraidh air. Chaith sé tréimhse chomh fada ann gur cuireadh amach air go raibh caidreamh collaí ag Caesar leis an [[rí|Rí]].
Sa bhliain 78 r. Chr. fuair Sulla bás agus d'fhill Caesar ar an Róimh le dul le polaitíocht arís.
Le teitheadh ó fhuath mhuintir Sulla, chinn Caesar ar an Róimh a thréigean arís, cé nach le saighdiúireacht a chuaigh sé. Is é an rud a rinne sé ná a aghaidh a thabhairt ar Oileán Ródas sa [[An tSean-Ghréig|Ghréig]] le reitric agus deisbhéalaí a fhoghlaim ó mháistir aitheanta na ceirde, Mólan. Níor tháinig sé a fhad le scoil Mhólain riamh, áfach, nó ghabh foghlaithe mara ina phríosúnach é le hairgead a fhuascailte a éileamh ar a mhuintir. Deirtear gur chuala Caesar iad ag rá go raibh cuma an bhoic mhóir air agus go raibh siad le fiche tallann óir a éileamh. Bhí Caesar den tuairim nach rachadh sé a phraghas ceart ar fhiche tallann óir, áfach, agus é ag áitiú ar na foghlaithe gurbh fhiú dóibh caoga tallann a iarraidh. San am céanna, dúirt sé leis na foghlaithe go gcrochfadh sé gach mac mallachta acu ar chros dá mbeadh sé de dhíth céille acu é a scaoileadh saor ina bheo. Níor thug na foghlaithe aird ar an rabhadh seo; fuair siad an caoga tallann, agus nuair a d'éirigh le Caesar a dhóthain saighdiúirí a fháil chuige chuaigh sé sa tóir ar na fuadaitheoirí. Ghabh sé iad sa deireadh agus chuir sé beart lena bhagairt, nó chéas sé na foghlaithe mara ar chros. Ó bhí siad ina gceann maith dó i rith a bhraighdeanais, áfach, bhris sé a gcuid cos sular crochadh iad le nach mbeadh moill mhór ar an mbás.
Líne 51:
==== An Phróchonsalacht agus Cogadh na Gaille ====
Is é is brí le "próchonsalacht" ná fad a cur le tréimhse na consalachta: de ghnáth ní mhairfeadh an chonsalacht thar aon bhliain amháin, ach bhí sé de nós ag na Rómhánaigh an chumhacht sin a thabhairt do na ginearáil go ceann tamaill eile. Chuir an phróchonsalacht ar chumas Caesar arm a earcú, rud a lig dó cogadh a chur ar na Gailligh lena dtír
D'éirigh leis an triúracht fad eile a chur le próchonsalacht Chaesar, nó bhí consalacht ag Crassus agus Pompeius araon sa bhliain 55 r.Chr. Chaith Caesar deich mbliana ar fad ina phróchonsal, mar sin, agus é ag cogaíocht sa Ghaill. D'éirigh le Caesar iomlán na Gaille a shealbhú, a fhad leis [[an Réin]]. Bhí sé in ann easaontas na nGailleach a chur chun sochair dó féin, agus cuid mhaith de na treibheanna sásta dul i gcomhar le Caesar in aghaidh na gcomharsan. Dá thoradh sin, bhí Caesar in ann na Gailligh a chloí de réir a chéile, gan cogadh a chur ar an iomlán dearg acu riamh.
Líne 65:
==== An Cogadh Cathartha ====
Sa bhliain 53 r. Chr. maraíodh Crassus san Aisír, áit a raibh sé ag cur cogaidh ar na Pairtigh. Bhí Pompeius buartha faoi
Cibé scéal é, ghabh Caesar an Róimh gan mórán dua, agus theith Pompeius agus cuid mhór de na Seanadóirí go dtí an Ghréig roimhe.
Líne 75:
=== An Deachtóireacht ===
[[Íomhá:RSC 0022.jpg|thumb|right|334px|Bonn ''Denarius'' ón [[1ú haois RC]] (44 RC). Caesar ar thaobh na láimhe clé. Venus ar thaobh na láimhe deise.]]
Ní raibh an deachtóireacht bainte amach ag Caesar go fóill nuair a chrom sé ar reachtaíocht na Róimhe a leasú. Thug sé isteach roinnt mhaith dlíthe nua ([[Leges Iuliae]]), agus bhí rún aige slacht a chur ar na dlíthe go léir. Leasaigh sé an féilire
Bhain Caesar amach an deachtóireacht ar dtús sa bhliain 46 r. Chr., i ndiaidh dó filleadh abhaile ón Éigipt. An uair sin bhí air éirí as an bpost i gceann deich mbliana, ach i ndiaidh dó bua a bhreith ar chlann mhac Phompeius rinne an Seanad ''dictator perpetuus'' nó buandeachtóir de. Bhí an deachtóireacht shealadach ag cur le bunreacht na Roimhe, nó bhí sé ceadaithe na cumhachtaí sin a thabhairt ar iasacht do ghinearál, mar shampla, ar feadh an chogaidh. Sampla de sin ba ea [[Cincinnatus]], fear a bhí ina chomhartha ar shuáilcí an Rómhánaigh idéalaigh: fear simplí a ghlac le cumhachtaí an deachtóra leis an Róimh a tharrtháil agus a d'fhill ar a sheancheird ina dhiadh sin. Scéal eile ar fad ba ea an buandeachtóir, nó chuir sé an phoblacht féin i mbaol, rud a chuir olc ar mhórán agus ba chúis le comhcheilg i gcoinne Chaesar.
Líne 85:
[[Dúnmharú|Dúnmharaíodh]] Iúil Caesar ar an [[15 Márta|gcúigiú lá déag de Mhí na Márta]] (''Idus Martiae'', de réir fhéilire na Rómhánach) den bhliain 44 r. Chr. Bhí sé tar éis teacht go dtí an Seanad agus suí síos mar ar ghnách leis nuair a chonaic sé an lucht comhcheilge ag nochtadh a gcuid arm (''styli'' nó pinn mhiotail, is dócha) ina thimpeall. Ba é an sceanach ceart é agus gach duine ag iarraidh a chion féin den obair a dhéanamh.
Ba é Publius Servilius Casca an chéad duine a ghoin Caesar. Is beag dochar a rinne sé. Cheap Caesar a lámh: "Céard atá tú a dhéanamh, a Chasca, a bhithiúnaigh?" Scairt Casca as Gréigis: "Cuidigh liom, a dheartháir!" (''Αδελφέ βοήθει!'') Sháigh deartháir Chasca a chlaíomh idir na
Ní raibh Marcus Tullius Cicero, máistir na deisbhéalaí agus na reitrice, sáite sa chomhcheilg, ach mura raibh, chonaic sé an dúnmharú le súile a chinn féin, agus bhí sé an-sásta go raibh deireadh curtha leis an "tíorántacht". Bhí sé ar dhuine de na naimhde ba bhinbí a bhí ag Caesar i saol polaitíochta na Róimhe (cé gur bhreá leis prós Chaesar), agus níor cheil sé an ríméad a bhí air i ndiaidh an dúnmharaithe.
Líne 91:
=== An Oidhreacht ===
Níor tháinig deireadh le cogadh cathartha na Róimhe le dúnmharú Caesar, a mhalairt ar fad. Ar dtús, bhris Marcus Antonius (a bhí ina chomh-Chonsal ag Caesar sa bhliain 44 r. Chr.) agus Octavianus, garnia is mac uchta Caesar,
[[Íomhá:Rimini083.jpg|thumb|240px|Dealbh do Caesar - Rimini, [[An Iodáil]].]]
Líne 138:
[[Catagóir:Básanna i 44 RC|Iúil Caesar]]
{{Nasc AR|bg}}▼
{{Nasc AR|es}}
{{Nasc AR|eu}}
Line 144 ⟶ 147:
{{Nasc AR|it}}
{{Nasc AR|la}}
{{Nasc AR|li}}▼
{{Nasc AR|mk}}▼
{{Nasc AR|ms}}
{{Nasc AR|pl}}
{{Nasc AR|ro}}
{{Nasc AR|sh}}
▲{{Nasc AR|vi}}
▲{{Nasc AR|li}}
▲{{Nasc AR|bg}}
▲{{Nasc AR|mk}}
{{Nasc AR|tr}}
{{
▲{{Link GA|fr}}
|