An difríocht idir athruithe ar: "Jacques Labillardière"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 13 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q528925 (translate me) |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 18:
Rugadh é in Alençon, áit a bhfuair sé scolaíocht sa choláiste, agus rinne sé staidéar ar an [[leigheas]] in [[Montpellier]], mar a ndearna sé cúrsa luibheolaíochta. Fuair sé dochtúireacht leighis i b[[Páras]] sa bhliain 1780 agus dhírigh a aird ar an nádúr as sin amach, ag taisteal nó ag déanamh taighde.<ref>Duyker (2003) lgh 23–24.</ref>
Bhain sé amach [[Sasana]] ar dtús, mar a ndearna staidéar faoi threoir an Ridire [[James Edward Smith]] (1759-1828) agus an Ridire [[Joseph Banks]] (1743-1820) ar na luibheanna
Nuair a d’fhill sé ar an bhFrainc chuaigh sé leis ag bailiú luibheanna in éineacht le heolaithe éagsúla faoi shléibhte Dauphiné agus ansin faoi Alpa Phíodmant.
Líne 25:
Sa bhliain 1786 d’iarr an rialtas air dul ar cuairt chun Ciprise, chun na Pailistíne agus chun na Siria. Choinnigh an phlá agus an cogadh sa tSiria é, agus shiúil sé Sliabh na Liobáine, áit a bhfuair sé amach nach raibh i bhforaois chlúiteach na gcéadras ach cúpla céad crann. Bhailigh sé plandaí agus fuair eolas ar bhéasa na nDrúsach agus na Marainíteach. Chrom se ar an tomhas freisin agus rinne amach airde na sléibhte. Tá sléibhte na Liobáine chomh hard sin go raibh aeráidí éagsúla le fail aige de réir na hairde – plandaí na dtíortha teo thíos, plandaí na dtíortha measartha leath slí suas, plandaí na dtíortha fuara láimh leis an mullach.<ref>Duyker (2003) lgh 37–51.</ref>
Thug se a aghaidh ar an Damaisc agus ansin ar an bhFrainc, agus é ag tabhairt cuairt ar an gCréit, ar na tSairdín agus ar an gCorsaic, áiteanna a sholáthair mórán plandaí dó. Ar ais sa Fhrainc dó thosaigh sé ag foilsiú cuntais ar a raibh déanta aige, saothar dar teideal
== San Aigéine ==
Sa bhliain 1791 d’ordaigh an rialtas go gcuirfí sluaíocht ar lorg longa [[Jean François de Galaup, comte de La Pérouse|La Pérouse]], taiscéalaí, san Aigéine. Bhí
[[Íomhá:Recherche and Espérance-François Roux mg 0574.jpg|thumb|280px|Na frigéid ''Recherche'' agus ''Espérance'']]
D’imigh sé ar bord
Tar éis breis is dhá mhí de sheoltaireacht dheacair tháinig an cabhlach chomh fada le cósta Thír Van Diemen ([[an Tasmáin]]) agus thug tamall i gcuan ar tugadh Entrecasteaux air sa bhliain 1792. Chuaigh La Billardière agus nádúraithe eile amach ag féachaint ar an tír. Rinne na Francaigh taiscéaladh ar iardheisceart na hAstráile agus ar an Nua-Shéalainn freisin, taiscéaladh ar bhain La Billardière agus a pháirtithe leas as chun samplaí geolaíocha, luibheolaíocha agus míoleolaíocha a bhailiú agus cuntas a thabhairt ar bhéasa agus ar theangacha Bhundúchasaigh na hAstráile.
Shroich an cabhlach oileán [[Iáva]] i Mí Dheireadh Fómhair 1793 tar éis dó a cheannaire agus ocht bhfear is ceithre fichid den fhoireann a chailleadh. Thosaigh na cogaí réabhlóideacha idir an dá linn, agus dá bhrí sin ghabh na hOllannaigh na Francaigh agus cuireadh bailiúcháin La Billardière chun na Breataine.
Líne 48:
== Tréithe an fhir ==
Duine borb ba ea La Billardière<ref>Duyker (2003), lch 3.</ref> agus é thar a bheith ceanndána<ref>Carr & Carr (1981), lch 79.</ref>. Os
Fear láidir ionnúsach éirimiúil ba ea é agus an-ghreim aige ar theangacha. Bhí a chuid Laidine gan locht.
Ó thaobh na polaitíochta de, ba phoblachtach diongbháilte é.
Líne 56:
== Leabhair ==
* Duyker, Edward Duyker, ''Citizen Labillardière: A Naturalist’s Life in Revolution and Exploration (1755—1834)'', Miegunyah/Melbourne University Press, Melbourne, 2003, ISBN 0-522-85010-3, athchló le clúdach bog, 2004, ISBN 0-522-85160-6.
* Carr, S. G. M. and Carr, D. J. (1981) ‘A charmed life: The collections of Labillardière,’ lgh 79–15, ''People and plants in Australia'', Carr, D. J. agus Carr, S. G. M. (eag.), Sydney, Academic Press ISBN
{{DEFAULTSORT:Labillardiere, Jacques}}
|